16 Iúil 2012: Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le hailtirí Éireannacha a mbeidh saothar leo ar taispeántas ag..

Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le hailtirí uile na hÉireann a mbeidh ag cur a saothar ar taispeáint sa Veinéis i mbliana mar chuid de 13ú Biennale Ailtireachta na Veinéise.
Is í an Coimisinéir Elizabeth Francis agus an Coimeádaí John McLaughlin a chuirfidh ionadaíocht oifigiúil na hÉireann i láthair sa Veinéis in 2012, agus déanfaidh siad cur i láthair de shaothar ailtirí heneghan peng. Tá tacaíocht ag an ionadaíocht náisiúnta seo ó Chultúr Éireann i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon.
Chomh maith leis sin beidh na hailtirí seo a leanas ag cur saothair ar taispeáint:
Thug coimeádaí an Biennale iomláin, David Chipperfield cuireadh neamhspleách do Grafton Architects agus O’Donnell and Tuomey araon chun a gcion féin a dhéanamh ar mhaithe leis an taispeántas.
Thug Panos Dragonas, coimeádaí Pailliúin na Gréige, cuireadh do na hailtirí Boyd Cody, chun a dtogra tithíochta a chur ar taispeáint san Aithin.
Thug an coimeádaí cuireadh d'ailtirí ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath chun raon de shamhlacha taistil na hEorpa a chur ar taispeáint.
Ainmníodh Andrew Clancy agus Colm Moore ó ClancyMoore na hÉireann mar chleachtas atá ag teacht chun cinn don taispeántas Backstage Architecture.
Ag cur fáilte roimh an liosta deiridh de rannpháirtithe na hÉireann a bheidh sa Veinéis, dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: "Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do thacú le forbairt chruthaitheach ailtirí. Nuair a fheicimid an líon thar cuimse Éireannach atá rannpháirteach sa taispeántas ailtireachta is iomráití ar domhan feicimid go bhfuil saothar ailtirí na hÉireann ag fáil aitheantais agus ómóis ar fud an domhain mhóir. Guíonn an Chomhairle Ealaíon gach rath ar na rannpháirtithe sna seachtainí amach romhainn agus iad ar a ndícheall ag obair chun a gcuid seónna a chur ar fáil don oscailt phoiblí an 29 Lúnasa 2012".

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)