Maidir linne
Joe StuartBainisteoir Cothaithe agus Comhordaithe na nEalaíonTel: 01 6180235
Mar chuid den cheiliúradh ar Oíche Chultúir, osclóidh an Chomhairle Ealaíon a a cuid doirse Dé hAoine an 21 Meán Fómhair ó 5.30i.n. go dtí 9.00i.n. chun saothar óna cuid bailiúcháin a chur ar taispeáint. Leagfar béim ar leith i mbliana ar dhá shaothar leis an ealaíontóir Patrick Scott, a toghadh ina Shaoi de chuid Aosdána i mí Iúil 2007.
Chuir Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon an tUasal Pat Moylan fáilte roimh an bhfógra go bhfuil an chuideachta cluichíochta Electronic Arts ag cruthú jabanna breise i nGaillimh. Tá na Tionscail Chruthaitheacha ag cruthú go maith d'Éirinn, a dúirt an tUasal Moylan.
In 2012, tá 60 bliain de thacaíocht do na healaíona á ceiliúradh ag an gComhairle Ealaíon le sraith taispeántas dar dteideal 'Into the Light - 60 Years of Supporting the Arts' a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Luimneach agus i Sligeach. Cuimseoidh na taispeántais saothair arna roghnú as breis agus 1,000 píosa atá i mbailiúchán na Comhairle Ealaíon.
D’fhógair an Chomhairle Ealaíon inniu go mbeidh mórshraith taispeántas ar siúl ó mhí na Nollag i mbliana, ina ndéanfar ceiliúradh ar shaothar spreagúil ealaíontóirí Éireannacha agus ar 60 bliain de thacaíocht don earnáil ón gComhairle Ealaíon.
Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Grafton Architects (Yvonne Farrell agus Shelley McNamara) as an dámhachtain Silver Lion do Chleachtadh Is Mó Gealladh a bhuachan ag Biennale Ailtireachta na Veinéise 2012. Rinne an Coimeádaí ginearálta, David Chipperfield, an fógra ar maidin ag an Searmanas Dámhachtainí sa Veinéis. Glactar leis go forleathan gurb é Biennale na Veinéise an taispeántas ailtireachta is tábhachtaí ar domhan.
Tá an spriocdháta i gcomhair na scéime Reel Art 2013 fógartha ag an gComhairle Ealaíon. Seoladh an scéim Reel Art in 2008 agus ceapadh í chun deis uathúil a chur ar fáil d’ealaíontóirí scannán chun cláir faisnéise an-chruthaitheach, an-samhlaíoch agus an-turgnamhach a dhéanamh ar théama ealaíne. Reáchtáiltear an scéim Reel Art i gcomhar le Filmbase agus le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Jameson, agus cuirfidh sí tacaíocht iomlán ar fáil do dhá scannán trí dheontas ó €70,000 go €80,000 a sholáthar do gach tionscadal díobh. Léireofar scannáin Reel Art den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Jameson i mí Feabhra 2014. Is é an spriocdháta le hiarratais a fháil ná Dé Máirt, an 16ú Deireadh Fómhair ag 17:00.
D’fhógair an Chomhairle Ealaíon agus Cultúr Éireann ainmneacha an ealaíontóra agus an choimisinéara/choimeádaí atá chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag Biennale na Veinéise in 2013, ar tionscnamh de chuid Chultúr Éireann é, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon.
Tacaítear le Dámhachtainí tionscadail na Comhairle Ealaíon le gníomhaíochtaí tionscadail ar leith maidir le gach ceann de na foirmeacha ealaíne nó cleachtas ealaíne a léirítear thíos. Is féidir treoirlínte na dámhachtana do gach dámhachtain a íoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon.
In 2012, tá an Chomhairle Ealaíon ag ceiliúradh chothrom 50 bliain á bailiúcháin chomh maith le 60 bliain de bheith ag tabhairt tacaíochta do na healaíona. Chun an ócáid a shonrú, cuirfidh an Chomhairle Ealaíon agus RTÉ tacaíocht ar fáil chun ceithre ghearrscannán a dhéanamh a dhéanfaidh iniúchadh cruthaitheach ar an mbailiúchán. Is píosaí neamhspleácha a bheidh sna scannáin seo a bheidh 3 nóiméad ar fhad, agus craolfar iad i rith shraith ealaíon sheachtainiúil RTÉ, THE WORKS, i mí na Samhna agus mí na Nollag 2012.
Is eagraíocht neamhspleách sheachbhrabúsach é Location One atá tiomanta do léiriú cruthaitheach agus malartú cultúrtha ar bhealaí nua a chothú trí na modhanna seo a leanas: taispeántais, cláir chónaitheachta, taibhléirithe, léachtaí poiblí agus ceardlanna. Is i gceantar Soho i Nua-Eabhrac atá Location One agus tugann sé tacaíocht do thurgnamhacht agus tá an eagraíocht dírithe ar an gcomhchruinniú idir na hamharcealaíona, na taibhealaíona agus na healaíona digiteacha.