21 Lúnasa 2012: Fógra tugtha faoi ionadaíocht na hÉireann ag 55ú Biennale Ealaíne na Veinéise 2013

D’fhógair an Chomhairle Ealaíon agus Cultúr Éireann ainmneacha an ealaíontóra agus an choimisinéara/choimeádaí atá chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag Biennale na Veinéise in 2013, ar tionscnamh de chuid Chultúr Éireann é, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon.

Is í an Coimisinéir/Coimeádaí le haghaidh Veinéis 2013 ná Anna O’ Sullivan, Stiúrthóir an Butler Gallery i gCill Chainnigh, a roghnaigh an t-ealaíontóir Richard Mosse chun suiteáil ilmheán an-uaillmhianach a bhfuil ocht gcainéal ann, faoin gcoimhlint leanúnach i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, a chur i láthair.

Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Arís eile táimid bródúil as tacú le hionadaíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise 2013. Creidimid go dtabharfaidh an t-ealaíontóir agus an coimisinéir/coimeádaí cur i láthair den chéad scoth agus go ndeimhneoidh siad go mbeidh ionadaíocht na hÉireann chun tosaigh i gcleachtas na bhfísealaíon ar fud an domhain. Guímid gach rath ar an bhfoireann agus iad i mbun a gcuid ullmhúchán".

Bhí an méid seo le rá ag Christine Sisk, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chultúr Éireann: "Tá Biennale na Véinéise fós ar an taispeántas is cáiliúla ar domhan le haghaidh na bhfísealaíon. Bhí sé go hiontach a fheiceáil gur tugadh freagra an-láidir ar an nglao ar roghnú oscailte, a léiríonn réimse agus leibhéal na taithí in earnáil na bhfísealaíon in Éirinn".

Mhínigh an tUasal O’ Sullivan agus í ag déanamh tráchta ar an rogha: "Is duine iontach é Richard chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag Biennale na Veinéise 2013. Tá clú agus cáil bainte amach aige ar fud an domhain cheana féin, mar gheall ar a shaothar leanúnach Infra ach go háirithe. Sa Veinéis, brúfaidh Richard an saothar sin isteach i dtimpeallacht ilmheán láidir agus tumthach. Déanaim comhghairdeas le Richard agus tá a fhios agam go dtabharfaidh sé faoin dúshlán a chuirfidh an deis thábhachtach sin os a chomhair, agus go gcruthóidh sé suiteáil úrnua a dhéanfaidh ionadaíocht chumhachtach ar son na hÉireann ar an stáitse idirnáisiúnta".

Tá Cultúr Éireann, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon, tiomanta d’Éirinn a bheith rannpháirteach in Biennale na Veinéise agus do dheiseanna a mhéadú d’ealaíontóirí na hÉireann thar lear agus aird a tharraingt orthu.

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
22 Aibreán 2014: Title (GA) (PDF, )
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)