Maidir linne
Joe StuartBainisteoir Cothaithe agus Comhordaithe na nEalaíonTel: 01 6180235
Is oth leis an gComhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás an scríbhneora Maeve Binchy.
Dar le Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tUasal Pat Moylan, go bhfuil dearcadh ró-chúng á ghlacadh maidir le hinfheistíocht bonneagair agus gur cheart cúrsaí ealaíon a chur san áireamh in aon chistí sa todhchaí toisc go bhfuiltear in ann poist a chruthú sna healaíona.
Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le hailtirí uile na hÉireann a mbeidh ag cur a saothar ar taispeáint sa Veinéis i mbliana mar chuid de 13ú Biennale Ailtireachta na Veinéise.
Ní fhaigheann eagraíochtaí ealaíon in Éirinn ach trí faoin gcéad dá n-ioncam iomlán ó thiomsú airgid. Tá an cóimheas sin i bhfad níos lú ná cóimheas tíortha eile amhail an Bhreatain nó an Astráil, ina bhfaigheann eagraíochtaí ealaíon suas le trian dá gcuid ioncaim ó thiomsú airgid. Tá an Chomhairle Ealaíon ag lorg léirithe spéise i gclár trialach ardleibhéil chun cabhrú le heagraíochtaí níos mó airgid a thiomsú ó fhoinsí daonchairdiúla. Tabharfaidh RAISE tacaíocht ghairmiúil duine le duine d'ocht n-eagraíocht ealaíon ar feadh dhá bhliain, agus déanfar clár saincheaptha tiomsaithe airgid a phleanáil agus a chur i bhfeidhm. Tabharfar tacaíocht dar luach €100,000 a bheag nó a mhór do gach eagraíocht.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil Cultúr Éireann ag lorg léirithe spéise anois ó na daoine sin ar spéis leo gníomhú mar Choimisinéir d'ionadaíocht náisiúnta na hÉireann ag Biennale Ealaíne na Veinéise in 2013.
D’fhógair an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn gurb í an t-údar agus an maisitheoir Niamh Sharkey Laureate na nÓg, laureate na hÉireann le haghaidh litríochta do leanaí, agus bhronn sé bonn Laureate na nÓg uirthi ag imeacht speisialta ag an gComhairle Ealaíon.
Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Louis le Brocquy, ball d’Aosdána, a d’éag inniu.
Thogh Aosdána, an meitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn, 3 chomhalta nua ag a Chomhthionól Ginearálta ag an Ospidéal Ríoga i gCill Mhaighneann inniu. Tá ballraíocht iomlán 247 duine in Aosdána anois. Is iad Frances Hegarty, Patrick McCabe, agus Tommy Peoples na daoine a toghadh.
Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Mike Diskin, Stiúrthóir Amharclann Halla na Cathrach i nGaillimh.
Is oth go mór leis an gComhairle Ealaíon go bhfuil John Arden, drámadóir, agus ball d’Aosdána ar shlí na fírinne.