Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Mike Diskin, Stiúrthóir Amharclann Halla na Cathrach i nGaillimh.
Ag labhairt di inniu, dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: "Agus é i mbun oibre mar riarthóir ealaíon ríthábhachtach bhí ard-éirim agus réimse fíorleathan eolais Mike Diskin le sonrú i gcónaí. Aireoimid uainn go géar é. Déanaimid comhbhrón ó chroí lena bhean agus lena iníon".