16 Mí na Samhna 2011: Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Kevin Barry

Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí le Kevin Barry ar chloisteáil an scéala go bhfuil a ainm ar an ngearrliosta i gcomhair Ghradam Chéad Úrscéil Costa 2011.
 
Ag labhairt di tar éis go ndearnadh an fógra, dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Scríbhneoir an-tréitheach, cruthaitheach ar fad is ea Kevin Barry. Ina chéad úrscéal, City of Bohane, léirítear a chuid buanna maidir le glór, scéal agus carachtar, mar aon lena shárchumas teicniúil i ndáil le teanga agus stíl. Tá Kevin Barry ar dhuine de na scríbhneoirí is spreagúla a tháinig as Éirinn le tamall de bhlianta anuas, agus is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil onóir á tabhairt dá chuid oibre ar an gcaoi seo."
 
Fuair Kevin Barry sparánacht de chuid na Comhairle Ealaíon in 2009.