31 Deireadh Fómhair 2012: Ceithre Scannán le déanamh chun comóradh a dhéanamh ar an gComhairle Ealaíon

Déanfaidh an Chomhairle Ealaíon ceiliúradh ar 60 bliain le sraith taispeántas dar teideal 'Into the Light: The Arts Council - 60 Years of Supporting the Arts'. Beidh na taispeántais seo ar siúl i gcomhthráth i gceithre ionad ar comhpháirtithe iad ar fud na tíre ó mhí na Nollag 2012. Is iad na hionaid chomhpháirteacha ná: Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath; Dánlann Chathair Luimnigh; Dánlann Ealaíne Crawford; The Model, Sligeach.

Chun an ócáid speisialta seo a chomóradh, tá an Chomhairle Ealaíon agus RTÉ ag tabhairt tacaíochta le haghaidh ceithre scannán ghearra a dhéanamh atá ina bhfreagairt chruthaitheach ar bhailiúchán na Comhairle Ealaíon agus a chraolfar ar sraith ealaíon seachtainiúil RTÉ, The Works, ag deireadh mhí na Samhna 2012. Tar éis próisis iomaíoch, is iad seo a leanas na ceithre scannán a dhéanfar:
Variations on a Collection
Forbhreathnú ar bhailiúchán na Comhairle Ealaíon agus ar an mbealach ina dtugtar léargas orainn ann, le James Kelly.
The Nettle Coat
Staidéar ar fhreagairt an phobail do Nettle Coat le Alice Maher, le Pat Collins agus Sharon Whooley.
Reframe 
Leantar an t-ealaíontóir Karl Burke agus a shaothar nua a coimisiúnaíodh don taispeántas ag Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath, le Tadhg O'Sullivan
A Prevailing Wind
Ceiliúradh ar seasca bliain de na healaíona, le Ian Cudmore, Alan Kavanagh agus Donal Dineen.

Ag labhairt di inniu, dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, "Tá áthas orainn an tionscnamh uathúil seo a thairiscint i gcomhpháirt le RTÉ.  Tabharfar ealaín thaispeántais Into the Light na Comhairle Ealaíon chomh fada le lucht féachana ar fud na hÉireann sna ceithre scannán seo, nuair a chraolfar ar The Works ar RTÉ iad. Ba mhaith linn tréaslú leis na scannánóirí faoi bheith roghnaithe agus táimid ag súil lena mbeidh le rá acu i leith na dtaispeántas a fheiceáil i mí na Samhna."

Dúirt Aifric Ní Chianáin, Léiritheoir Sraithe The Works: "Tá áthas ar RTÉ oibriú i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon chun coimisiúnú agus sárthaispeántas a dhéanamh ar shaothar nua le ceathrar scannánóirí nuálacha as Éirinn. Is cloch mhíle shuntasach atá anseo don Chomhairle Ealaíon, agus mothaímid gur bealach cruthaitheach agus cuimsitheach é seo chun an chloch mhíle sin a shonrú, chomh maith le bheith ina dheis iontach do scannánóirí. Táimid ag súil go mór leis na gearrscannáin seo a thaispeáint ar The Works i mí na Samhna."

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)