Maidir linne
Joe StuartBainisteoir Cothaithe agus Comhordaithe na nEalaíonTel: 01 6180235
Tá deich scéal bhreise á bhfoilsiú inniu ag an gComhairle Ealaíon ar shuíomh Gréasáin a cartlainne - tionscnamh a seoladh le linn an fhómhair chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 60 bliain na Comhairle Ealaíon.
Is é spriocdháta an chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Tionscadail na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, an 29 Márta, 2012 ag 5.30 i.n. Reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon roinnt clinicí faisnéise roimh an spriocdháta sin chun comhairle agus faisnéis faoin bpróiseas iarratais a chur ar fáil.
Tá ríméad ar Cultúr Éireann, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon, a fhógairt gur ceapadh an fhoireann a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag an Biennale Ailtireachta sa Veinéis.
Chuir an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh an bhfógra inniu go bhfuil tríocha a naoi píosa de bhailiúchán suntasach AIB á n-aistriú go dtí an Stát.
Mar chuid dá comhpháirtíocht leanúnach leis an gClár Ceannaireachta Clore, is mór leis an gComhairle Ealaíon a fhógairt go gcuirfidh sí sparánachtaí ar fáil le haghaidh suas le cúig áit ar Ghearrchúrsaí Ceannaireachta Clore in 2012.
Chuir an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigín, chuig a hoifigí i gCearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, maidin inniu mar aoi oinigh ag ócáid chun ceiliúradh a dhéanamh ar seasca bliain na Comhairle.
Gheobhaidh lucht féachana ar fud na tíre deis in 2012 sult a bhaint as scoth na bhfoirmeacha ealaíne seo a leanas: an litríocht, na físealaíona, damhsa, scannán, téatar, ceol, na healaíona traidisiúnta, sráidealaíona agus sorcas, na healaíona rannpháirteachais agus gníomhaíocht a bheidh eagraithe go sonrach do dhaoine óga, nuair a gheobhaidh 33 eagraíocht ealaíon agus ealaíontóir aonair maoiniú ón gComhairle Ealaíon chun saothar a chruthaítear in Éirinn a thabhairt ar chamchuairt chuig ionaid ar fud na tíre.
Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Pearse Hutchinson, file agus comhalta de chuid Aosdána, a fuair bás Dé Sathairn, an 14 Eanáir 2012.
Ghlac an Chomhairle Ealaíon le beartas nua le haghaidh ceoldrámaíochta ina leagtar amach an chaoi a bhfuil sé i gceist aici ceoldrámaíocht a chur chun cinn agus a fhorbairt in Éirinn.
Tá maoiniú á thabhairt do 66 imeacht agus féile bheaga ón Daingean go Droichead Átha, ó Cheann Toirc go Cathair na Mart ag an gComhairle Ealaíon faoi bhabhta a haon de Scéim na bhFéilte Beaga 2012. Tá an clár maoinithe sainiúil seo dírithe go sonrach ar imeachtaí agus ar fhéilte atá bunaithe go háitiúil agus a bhfuil maoiniú suas le €20,000 á lorg ón gComhairle acu. Tá €401,650 san iomlán bronnta ar 66 féile agus imeacht ar fud na tíre as na 122 iarratas a fuarthas. Is ionann luach iomlán an mhaoinithe a bhí á lorg ag an 122 iarrthóir agus díreach faoi €1.5 milliún.