Ar an 29 Iúil, scríobh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan, TD, chuig an gComhairle Ealaíon ag cur in iúl gur cheart don Chomhairle freagracht iomlán a ghlacadh as an gceoldrámaíocht a sholáthar agus a fhorfheidhmiú. Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon go bhfuil an t-ábhar seo soiléir anois, agus beifear i mbun cainte le hearnáil na ceoldrámaíochta agus le páirtithe leasmhara eile go luath chun éisteacht lena dtuairimí maidir leis an mbealach is fearr chun tabhairt faoi seo.