Tá an Chomhairle Ealaíon ag cur i gcuimhne d’eagraíochtaí ealaíon faoin spriocdháta le haghaidh iarratais a chur isteach faoi na trí phríomhchlár deontais dá cuid: Eagraíochtaí a Mhaoinítear go Rialta, Deontais le haghaidh Clár Bliantúil agus Maoiniú Bliantúil. Cuireadh tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach Dé Luain an 24 Deireadh Fómhair.
Baineann sé seo le hiarratais ar mhaoiniú le haghaidh na tréimhse Aibreán 2012 - Márta 2013.
Eagraíochtaí a Mhaoinítear Go Rialta
Tabhair faoi deara: Níl an clár maoinithe seo oscailte d’iarratais ghinearálta.
Spriocdháta: Déardaoin, an 24 Samhain 2011 ag 5:30 i.n.
Cuireadh tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach ar an sruth maoinithe seo Dé Luain an 24 Deireadh Fómhair 2011.
Is é an aidhm atá ag an gclár um Eagraíochtaí a Mhaoinítear Go Rialta grúpa príomheagraíochtaí ealaíon a neartú agus a dhaingniú trí chabhrú leo lena gcostais oibriúcháin agus lena gcostais cláir ealaíne. Leithdháiltear maoiniú go bliantúil agus bíonn sé faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil don Chomhairle Ealaíon.
Deontais le haghaidh Clár Bliantúil
Spriocdháta: Déardaoin, an 24 Samhain 2011 ag 5:30 i.n.
Cuireadh tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach ar an sruth maoinithe seo Dé Luain an 24 Deireadh Fómhair 2011.
Is é aidhm na nDeontas le haghaidh Clár Bliantúil cúnamh a thabhairt d'iarratasóirí le costas a gcláir ealaíne. Níl an scéim beartaithe chun tacaíocht a thabhairt do chostais riaracháin leanúnacha na n-eagraíochtaí ealaíon. Is féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh ar mhéid áirithe tacaíochta i gcomhair costas riaracháin nuair a bhaineann siad go díreach lena gclár oibre ealaíne, áfach.
Bíonn scéim na nDeontas le haghaidh Clár Bliantúil á tairiscint uair amháin sa bhliain. Féadfaidh eagraíochtaí cur isteach ar dheontais bliain i ndiaidh bliana. Beidh ar eagraíochtaí a fhaigheann deontas cuntas a thabhairt ar an gcaoi inar caitheadh an maoiniú sin.
Mura bhfuil tú eolasach faoi chlár na nDeontas le haghaidh Clár Bliantúil nó má tá tú ag smaoineamh ar iarratas a chur isteach den chéad uair, moltar go láidir duit dul i gcomhairle le Ceann na Foirne ábhartha laistigh d’fhoireann na Comhairle Ealaíon.
Maoiniú Bliantúil
Spriocdháta: Déardaoin, an 24 Samhain 2011 ag 5:30 i.n.
Cuireadh tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach ar an sruth maoinithe seo Dé Luain an 24 Deireadh Fómhair 2011.
Tá an clár maoinithe seo réasúnta cosúil leis an scéim um Maoiniú Ioncaim a tairgeadh d’eagraíochtaí den uair dheireanach in 2006. Féadfaidh iarratasóirí ranníocaíocht a iarraidh chun cuidiú leo íoc as costais chláir ealaíne agus costais leanúnacha riaracháin, m.sh. foireann/costais bhliantúla tuarastail/cíos ar fhoirgneamh.
Déantar Maoiniú Bliantúil a thairiscint uair amháin sa bhliain. Féadfaidh eagraíochtaí cur isteach ar mhaoiniú bliain i ndiaidh bliana.
Beidh ar eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú cuntas a thabhairt ar an gcaoi inar caitheadh an maoiniú sin.
Mura bhfuil tú eolasach faoi chlár an Mhaoinithe Bhliantúil nó má tá tú ag smaoineamh ar iarratas a chur isteach den chéad uair, moltar go láidir duit dul i gcomhairle le Ceann na Foirne ábhartha laistigh d’fhoireann na Comhairle Ealaíon.
Tabhair faoi deara
- Ní féidir iarratais a chur isteach ach amháin trí _blankchóras ar líne na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras seo roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá a fhágáil le haghaidh cláraithe roimh iarratas a dhéanamh.
Tuilleadh faisnéise