16 Eanáir 2012: Cuireann an Chomhairle Ealaíon a brón in iúl ar bhás Pearse Hutchinson, file agus comhalta de chuid

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Pearse Hutchinson, file agus comhalta de chuid Aosdána, a fuair bás Dé Sathairn, an 14 Eanáir 2012.

Ag labhairt di inniu, dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "File, léirmheastóir, iriseoir agus comhalta de chuid Aosdána a raibh an mheas air ab ea Pearse Hutchinson, agus chuir sé go mór agus go luachmhar leis an scríbhneoireacht i mBéarla agus i nGaeilge i rith a ghairme fada. Aireoimid uainn go mór é agus tá tionchar marthanach fágtha aige dúinn ar fad."

Rugadh Pearse i nGlaschú in 1927 le tuismitheoirí Éireannacha. Tógadh i mBaile Átha Cliath é agus chuaigh sé i mbun staidéir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sé seal ag obair mar aistritheoir sa Ghinéiv go luath sna 1950í, agus chaith sé beagnach deich mbliana ina chónaí sa Spáinn ina dhiaidh sin. D’fhoilsigh sé sraith aistriúchán ón Iodáilis, ón gCatalóinis agus ó Phortaingéilis na Gailíse.  I measc na gcnuasach filíochta uaidh i nGaeilge agus i mBéarla, áirítear Tongue Without Hands (1963), Faoistin Bhacach (1968), Expansions (1969), Watching the Morning Grow (1973), The Frost Is All Over (1975), Climbing the Light (1985), Le Cead na Gréine (1989), The Soul that Kissed the Body (1991) agus Barnsley Mainseam (1995). I gcomhar le Melita Cataldi, rinne sé aistriúchán Iodáilise ar dhíolaim de liricí na Sean-Ghaeilge, Antica lirica irlandese (Torino, 1981). Rinneadh aistriúcháin ar a leabhair filíochta sa Chaistílis in 1991, san Iodáilis in 1997 agus sa Ghailísis in 2002. Foilsíodh Collected Poems leis ar a bhreithlá agus é 75 bliana d’aois in 2002, agus foilsíodh rogha nua dá aistriúcháin in 2003. Scríobh sé colún Gaeilge san RTÉ Guide ar feadh na mblianta, agus bronnadh Duais Liteartha an Bhuitléaraigh air in 1969. Bhí sé ina chomheagarthóir agus ina chomhbhunaitheoir ar an iriseán liteartha Cyphers agus bhí cónaí air i mBaile Átha Cliath.

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)