07 Nollaig 2011: Ráiteas ón gComhairle Ealaíon maidir lena leithdháileadh i gCáinaisnéis 2012

Ag labhairt di faoi leithdháileadh €63.1 milliún na Comhairle Ealaíon i gCáinaisnéis 2012, dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: "Mar gheall ar na deacrachtaí airgeadais atá os comhair an Rialtais agus na tíre i láthair na huaire, tá an Chomhairle Ealaíon buíoch as an obair atá déanta ag JimmyDeenihan TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, chun an ciorrú ar bhuiséad na Comhairle Ealaíon a íoslaghdú - agus an ciorrú teoranta do laghdú 3.2% ar leithdháileadh na bliana roimhe."
 
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh go dícheallach chun an luach is mó a thabhairt don phobal i gcoitinne agus do phobal na n-ealaíon ar na cistí atá aici le hinfheistiú. Mar sin féin, beidh tionchar laghdú 3.2% le feiceáil ar an earnáil."