Maidir linne
Joe StuartBainisteoir Cothaithe agus Comhordaithe na nEalaíonTel: 01 6180235
Tá maoiniú á thabhairt do 66 imeacht agus féile bheaga ón Daingean go Droichead Átha, ó Cheann Toirc go Cathair na Mart ag an gComhairle Ealaíon faoi bhabhta a haon de Scéim na bhFéilte Beaga 2012. Tá an clár maoinithe sainiúil seo dírithe go sonrach ar imeachtaí agus ar fhéilte atá bunaithe go háitiúil agus a bhfuil maoiniú suas le €20,000 á lorg ón gComhairle acu. Tá €401,650 san iomlán bronnta ar 66 féile agus imeacht ar fud na tíre as na 122 iarratas a fuarthas. Is ionann luach iomlán an mhaoinithe a bhí á lorg ag an 122 iarrthóir agus díreach faoi €1.5 milliún.
Ag labhairt di faoi leithdháileadh €63.1 milliún na Comhairle Ealaíon i gCáinaisnéis 2012, dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: "Mar gheall ar na deacrachtaí airgeadais atá os comhair an Rialtais agus na tíre i láthair na huaire, tá an Chomhairle Ealaíon buíoch as an obair atá déanta ag JimmyDeenihan TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, chun an ciorrú ar bhuiséad na Comhairle Ealaíon a íoslaghdú - agus an ciorrú teoranta do laghdú 3.2% ar leithdháileadh na bliana roimhe."
Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí le Kevin Barry ar chloisteáil an scéala go bhfuil a ainm ar an ngearrliosta i gcomhair Ghradam Chéad Úrscéil Costa 2011.
I dtuarascáil ar thionchar geilleagrach na n-ealaíon in Éirinn, a sheol Jimmy Deenihan, TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, maidin inniu (an 16 Samhain 2011), léirítear go soláthraítear fostaíocht shuntasach, idir dhíreach agus indíreach, de bharr na n-ealaíon, agus go dtacaíonn maoiniú bliantúil na Comhairle Ealaíon ón Státchiste le breis is 2,600 post.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag cur i gcuimhne d’eagraíochtaí ealaíon faoin spriocdháta le haghaidh iarratais a chur isteach faoi na trí phríomhchlár deontais dá cuid: Eagraíochtaí a Mhaoinítear go Rialta, Deontais le haghaidh Clár Bliantúil agus Maoiniú Bliantúil. Cuireadh tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach Dé Luain an 24 Deireadh Fómhair.
Tá a brón curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil faoi bhás William McKeown, ball d’Aosdána, a d’éag Dé Máirt 25 Deireadh Fómhair 2011.
D’fhoilsigh an Chomhairle ar líne inniu (13 Deireadh Fómhair) scéalta faoi obair a rinneadh le linn luathbhlianta na Comhairle Ealaíon. Seoladh na scéalta ag imeacht a raibh Jimmy Deenihan TD, tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i láthair ann. Is tionscnamh é suíomh Gréasáin nua na Comhairle le scéalta ón gcartlann lena ndéantar comóradh 60 bliain na Comhairle Ealaíon a cheiliúradh. Bunaíodh an Chomhairle an 4 Nollaig 1951 faoin Acht Ealaíon, 1951.
Deiseanna oiliúna spreagúla don 25,000 daoine a mheastar a bhíonn páirteach i gcóir gach seachtain in Éirinn.
Mar chuid de thionscnamh closfhoilsitheoireachta chun tacú le saothar cumadóirí Éireannacha agus a gcuid saothair a chur chun cinn, sheol an Chomhairle Ealaíon agus RTÉ inniu (11 Deireadh Fómhair) CD de shaothar cheolfhoirneach John Kinsella, cumadóir a rugadh i mBaile Átha Cliath agus ar ball d’Aosdána é, á sheinm ag Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ. Tá an CD maoinithe ag RTÉ agus ag an gComhairle Ealaíon agus is cuid den tsraith Composers of Ireland é.
Beidh an Chomhairle Ealaíon ar oscailt ón 5 i.n. go dtí an 9 i.n. chun rogha saothair ónár mbailiúchán a thaispeáint.