Seoladh Reel Art in 2008 agus dearadh an scéim chun deis uathúil a chur ar fáil do lucht scannán cláir faisnéise chruthaitheacha, shamhlaíocha agus thurgnamhacha a dhéanamh ar théama ealaíne. Beidh an scéim Reel Art á feidhmiú i gcomhar le Filmbase agus le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Jameson, agus cuirfidh sí tacaíocht iomlán ar fáil do thrí scannán trí dheontas idir €70,000-€80,000 in aghaidh an tionscadail. Léireofar scannáin Reel Art den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Jameson i bhFeabhra 2013. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná Dé hAoine, 16 Meán Fómhair ag 5 i.n.
Is é cuspóir na Comhairle Ealaíon agus an scéim Reel Art á tairiscint aici ná tacú le lucht scannán chun scannáin faisnéise ealaíne a dhéanamh nach ndéanfaí murach an scéim a bheith ann. Is é príomhaidhm na scéime ná cur leis, seachas aithris a dhéanamh ar, an maoiniú do chláir faisnéise agus na cláir mhaoinithe eile atá á dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon, ag craoltóirí agus ag gníomhaireachtaí maoinithe eile in Éirinn. Ba cheart tionscadail Reel Art a chruthú i gcomhair léirithe ag féilte scannán agus i suíomhanna cineama sainealaíne. Ní bhreithneofar ach tograí maidir le cóirithe úrnua, samhlaíocha ar ábhair ealaíon, ina ndírítear ar aeistéitic, agus tabharfar tosaíocht do thograí ina luaitear cineálacha cur chuige a tharraingíonn an tsúil, agus atá cruthaitheach agus turgnamhach maidir lena n-ábhar.
Is féidir na treoirlínte nuashonraithe maidir le Reel Art 2011, mar aon le foirmeacha iarratais don scéim, a íoslódáil ón suíomh gréasáin www.reelart.ie.
Tuilleadh eolais
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, téigh i dteagmháil le:
Clare Creely, Filmbase, An tSráid Chuar, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 679 6716
Ríomhphost: info@reelart.ie