Roimh an spriocdháta do na dámhachtainí Tionscadail (Déardaoin, an 1 Meán Fómhair ag 5:30 i.n.) eagróidh an Chomhairle Ealaíon roinnt clinicí faisnéise chun comhairle agus faisnéis a sholáthar faoin bpróiseas iarratais mar a leagtar amach thíos:
. 3 Lúnasa - Gaillimh - Nuns Island Arts Centre - 1 i.n.
. 4 Lúnasa - Corcaigh - Ionad Ealaíon Triskel - 11 r.n.
. 9 Lúnasa - Baile Átha Cliath - Project Arts Centre - 11 r.n.
. 11 Lúnasa - Dún na nGall - Ionad Cultúrtha Réigiúnach Leitir Ceanainn - 2 i.n.
Cuirfear fáilte roimh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ó gach foirm ealaíne agus cleachtas ealaíne atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar an dámhachtain. Ní gá áit a chur in áirithe. Clúdófar an méid seo a leanas ag gach clinic:
. Suíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne a úsáid
. Cuspóir na nDámhachtainí Tionscadail
. Incháilitheacht
. An fhoirm iarratais a chomhlánú
. Buiséid
. Ábhar tacaíochta riachtanach
. An próiseas measúnaithe
. Botúin choitianta le seachaint
. Ceisteanna agus freagraí
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh i dteagmháil le katie.lowry@artscouncil.ie