Nuacht

Téigh i dteagmháil le

Joe Stuart
Bainisteoir Cothaithe agus Comhordaithe na nEalaíon
Tel: 01 6180235

 

14 Meán Fómhair 2011: Splanc! 2011

Fáilteoidh TG4 agus An Chomhairle Ealaíon roimh iarratais don 7ú séasúr den togra nuálaíoch seo faoina maoinítear cláracha cruthaitheacha faisnéise teilifíse a léiríonn saol na n-ealaíon agus cruthú na n-ealaíon in Éirinn.


31 Lúnasa 2011: Ráiteas ón gComhairle Ealaíon

Bhí Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon Pat Moylan ar dhuine de na chéad daoine a thug ómós thar ceann comhaltaí agus foireann na Comhairle don Stiúrthóir Mary Cloake atá ag fágáil na heagraíochta inniu (31 Lúnasa 2011) tar éis di seacht mbliana a chaitheamh sa phost is sinsearaí san eagraíocht.


31 Lúnasa 2011: Soláthar ceoldrámaíochta amach anseo

Ar an 29 Iúil, scríobh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan, TD, chuig an gComhairle Ealaíon ag cur in iúl gur cheart don Chomhairle freagracht iomlán a ghlacadh as an gceoldrámaíocht a sholáthar agus a fhorfheidhmiú.


30 Lúnasa 2011: Tá sé mar aidhm le Scéim Comhpháirtíochta Áitiúla na Comhairle Ealaíon acmhainneacht ealaíontóirí a

Bhronn an Chomhairle Ealaíon maoiniú le déanaí ar dhá thionscadal nuálacha faoi threoir Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas. Tá an maoiniú seo á chur ar fáil faoi Scéim Comhpháirtíochta Áitiúla na Comhairle Ealaíon.


19 Lúnasa 2011: An Chomhairle Ealaíon ar an ngearrliosta don Dot ie Net Visionary Award

Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a bheith ar an ngearrliosta i gCatagóir na nDámhachtainí ríomhRialtais sna Dot ie Net Visionary Awards arna n-eagrú ag an Irish Internet Association.


18 Lúnasa 2011: Guíonn an Chomhairle Ealaíon rath ar chompántais téatair Éireannacha i Nua-Eabhrac ag an bhféile 1st

Beidh trí chompántas téatair a fhaigheann tacaíocht ón gComhairle Ealaíon ag glacadh páirte san Fhéile Drámaíochta 1st Irish i Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair na bliana seo. Beidh Fishamble (Baile Átha Cliath), Tall Tales (An Uaimh) agus Cirque de Légume (Sligeach) ag glacadh páirte san fhéile, a bheidh ar siúl ar feadh míosa ón 5 Meán Fómhair go dtí an 3 Deireadh Fómhair 2011 i amharclanna ar fud Nua-Eabhrac.


05 Lúnasa 2011: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon faighteoir Chomhaltacht Jerome Hynes 2011/2012

D'fhógair an Chomhairle Ealaíon inniu gur ar an Uas. Jo Mangan, Stiúrthóir Ealaíonta The Performance Corporation, a bhronnfar Chomhaltacht Jerome Hynes 2011/2012 a dhéantar a thairiscint tríd an gclár Ceannasaíochta Clore atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe. Is é aidhm an chláir seo eolas, scileanna agus taithí ceannairí ionchasacha sna healaíona a fhorbairt, thar raon leathan de ghníomhaíochtaí cultúrtha.


29 Iúil 2011: Fógraíodh an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta i gcomhair na scéime Reel Art 2011

Seoladh Reel Art in 2008 agus dearadh an scéim chun deis uathúil a chur ar fáil do lucht scannán cláir faisnéise chruthaitheacha, shamhlaíocha agus thurgnamhacha a dhéanamh ar théama ealaíne.


28 Iúil 2011: Clinicí faisnéise faoin bpróiseas iarratais le haghaidh dámhachtainí Tionscadail

Roimh an spriocdháta do na dámhachtainí Tionscadail (Déardaoin, an 1 Meán Fómhair ag 5:30 i.n.) eagróidh an Chomhairle Ealaíon roinnt clinicí faisnéise chun comhairle agus faisnéis a sholáthar faoin bpróiseas iarratais mar a leagtar amach thíos:


28 Iúil 2011: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2012

Cuireann Ealaíontóirí Radharcacha Éire, thar ceann na Comhairle Ealaíon, fáilte roimh iarratais ar dheontas suas le €30,000 ar a mhéid i dtreo chostais reatha spásanna oibre físealaíontóirí.