15 Meitheamh 2011: Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Colum McCann i ndiaidh dó Duais Idirnáisiúnta Liteartha Bhaile

Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Colum McCann ar chloisteáil dóibh gur bhain Let the Great World Spin Duais Idirnáisiúnta Liteartha Bhaile Átha Cliath IMPAC 2011 amach.
Ag labhairt di tar éis an scéala a chloisteáil, dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: "Tá bua den scoth ag an scríbhneoir Colum McCann. Tá scóip agus éagsúlacht dhochreidte ag baint lena shaothar liriceach ar iomaí ciall is féidir a bhaint as, agus tuiscint ann maidir le mothúcháin agus eispéireas an duine. Is iomaí léitheoir atá meallta ag a shaothar cumhachtach mothaitheach ar fud an domhain cheana féin agus níl aon amhras faoi ach go mbeidh níos mó tóir arís ar a chuid scríbhneoireachta anois de thoradh Dhuais Idirnáisiúnta Liteartha Bhaile Átha Cliath IMPAC a bheith buaite aige."
Tá cáil ar Éire as a traidisiún liteartha saibhir agus a scríbhneoirí dinimiciúla comhaimseartha. Tugann duaiseanna idirnáisiúnta cosúil le Duais Idirnáisiúnta Liteartha Bhaile Átha Cliath IMPAC aitheantas do thallann ollmhór scríbhneoirí comhaimseartha na hÉireann agus léiríonn siad an t-ardmheas atá ar litríocht na hÉireann sa tír seo agus thar lear.  

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)