26 Iúil 2011: Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Sebastian Barry mar go bhfuil a ainm ar an bhfadliosta

Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Sebastian Barry ar chloisteáil di gur cuireadh a úrscéal On Canaan's Side ar an bhfadliosta don Duais Man Booker 2011.   

Tar éis an fhógra, dúirt Sarah Bannan, Ceann Litríochta na Comhairle: "Is scríbhneoir é Sebastian Barry a bhfuil buanna iontacha agus sárchumhacht liriceach aige, agus léiríonn a ghairm bheatha fhada éagsúil a thiomantas iomlán do cheird na scríbhneoireachta. Léirítear arís leis an úrscéal is déanaí uaidh, On Canaan's Side, an úsáid chuanna a bhaineann Barry as an teanga agus a ghrinnthuiscint ar thaithí an duine. Tá an-áthas orm an saothar seo a fheiceáil ar Fhadliosta an Booker".