Is oth leis an gComhairle Ealaíon William Crozier, ealaíontóir agus comhalta de chuid Aosdána, a bheith ar shlí na fírinne. Fuair sé bás ar an Máirt, an 12 Iúil, 2011
Ag labhairt di inniu, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Ba ealaíontóir uathúil é William, a raibh scil, smacht agus tuiscint as an ngnáth aige maidir le dathanna a úsáid. Is oth linn go mór é a bheith ar shlí na fírinne."
Rugadh é i nGlaschú i 1930 agus bhí tuismitheoirí Éireannacha aige; d’fhás sé aníos sa bhaile ciúin cois fharraige, Troon san Ayrshire, agus thagadh sé ar cuairt go hÉireann go rialta. Rinne sé staidéar ag Scoil Ealaíne Ghlaschú agus bhí cónaí air i bPáras go luath sna 1950í sular bhog sé go Baile Átha Cliath. D’eagraigh sé a chéad taispeántas aonair i Londain i 1957, agus bhíodh sé ina mhúinteoir i Scoil Ealaíne Winchester sna 1970í. Sna 1980í, chuaigh sé le bheith ina chónaí go páirtaimseartha in Iarthar Chorcaí, agus is é an ceantar sin a bhí mar ábhar aige sna tírdhreacha is déanaí a phéinteáil sé. Ba ghnách leis péinteáil le buillí scuaibe tapa mothúchánacha, le dathanna geala in imeartas le chéile, agus ba mhinic dó neamhaird a thabhairt ar rialacha traidisiúnta maidir le peirspictíocht agus struchtúr. I measc na dtaispeántas aonair a rinne sé bhí: Arthur Tooth & Sons, Londain (1959, 62, 63, 64); Dánlanna Drian, Londain (1958, 60, 61, 62, 65, 68, 70); Dánlann na hAlban, Dún Éideann agus Londain (1985, 89, 90); An Músaem Náisiúnta, Gdansk (1990); Dánlanna Taylor, Baile Átha Cliath (1991); agus taispeántais iardhearcacha ar a ghairm bheatha ag Dánlann Gallagher de chuid an Acadaimh Ríoga Ibeirnigh agus Dánlann Chathrach Crawford i gCorcaigh (1990). Bhíodh cónaí air in Iarthar Chorcaí.