28 Iúil 2011: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2012

Cuireann Ealaíontóirí Radharcacha Éire, thar ceann na Comhairle Ealaíon, fáilte roimh iarratais ar dheontas suas le €30,000 ar a mhéid i dtreo chostais reatha spásanna oibre físealaíontóirí. I gcomhréir le doiciméad beartais na Comhairle Ealaíon ‘Spásanna Oibre Físealaíontóirí in Éirinn - Cur Chuige Nua’, tá sé mar aidhm ag an scéim seo cabhrú le spásanna oibre ealaíontóirí ar fud na tíre chun an timpeallacht is fearr agus is féidir a sholáthar d’fhísealaíontóirí atá i mbun oibre agus, nuair is indéanta, leibhéal fóirdheontais a chumasú d’fhísealaíontóirí cónaitheacha.
Dámhfar deontas de suas le €30,000 faoin scéim i dtreo costais reatha amhail solas, teas, cíos, cláir forbartha ealaíontóirí, costais riaracháin agus/nó costais oiriúnacha eile (ní féidir iarratas a dhéanamh ar chostais chaipitil faoin scéim seo). Déanfar an maoiniú seo a thairiscint ar bhonn aonuaire don bhliain 2012. Tá ciste foriomlán de €230,000 ar fáil.
Conas iarratas a dhéanamh
Déanann Ealaíontóirí Radharcacha Éire an scéim a riar ar son na Comhairle Ealaíon. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh i dteagmháil le:
Ealaíontóirí Radharcacha Éire
Suíomh Gréasáin: http://visualartists.ie/
Ríomhphost: acworkspaces2012@visualartists.ie
Teileafón: +353 (0)1 672 9488
 
Ba cheart iarratais a sheoladh i gcruachóip agus i bhfoirm leictreonach (i bhfoirm Word) chuig:
Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2012
Ealaíontóirí Radharcacha Éire
Central Hotel Chambers
Cúirt an Dáma
Baile Átha Cliath 2
acworkspaces2012@visualartists.ie
 
Íoslódáil treoirlínte agus an fhoirm iarratais
. Treoirlínte maidir le Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2012
. Foirm iarratais do Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2012
Spriocdháta
Is é 5.30 i.n. an Déardaoin 15ú Meán Fómhair 2011 an spriocdháta do Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2012.
Tabhair faoi deara go measfar nach bhfuil iarratais dhéanacha nó neamhiomlána incháilithe.