11 Deireadh Fómhair 2011: Seolann an Chomhairle Ealaíon agus RTÉ an dlúthdhiosca John Kinsella: Orchestral Works

Mar chuid de thionscnamh closfhoilsitheoireachta chun tacú le saothar cumadóirí Éireannacha agus a gcuid saothair a chur chun cinn, sheol an Chomhairle Ealaíon agus RTÉ inniu (11 Deireadh Fómhair) CD de shaothar cheolfhoirneach John Kinsella, cumadóir a rugadh i mBaile Átha Cliath agus ar ball d’Aosdána é, á sheinm ag Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ. Tá an CD maoinithe ag RTÉ agus ag an gComhairle Ealaíon agus is cuid den tsraith Composers of Ireland  é.

Tá John Kinsella in éineacht anois le Gerald Barry, Raymond Deane, Seóirse Bodley, Deirdre Gribbin agus Ian Wilson sa tionscadal sin lena gcuirtear saothair cheolfhoirneacha cumadóirí Éireannacha chun cinn. Beidh cúig CD eile á n-eisiúint mar chuid den tsraith ina mbeidh ceol Donnacha Dennehy, Kevin Volans, Kevin O’Connell, Elaine Agnew agus Stephen Gardner.

Rinneadh cur síos ar BBC Radio 3 ar John Kinsella mar "...an cumadóir siansaí is suntasaí ó bhí Stanford ann". Scríobh sé níos mó ná 21 saothar ceoil do cheolfhoireann lena n-áirítear naoi siansa - saothar a sheinn Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ agus mórcheolfhoirne eile ar fud an domhain.

Bhí John Kinsella spreagtha chun ceol a chumadh ó bhí sé ina pháiste, ag staidéar eagráin phóca de scóir Sibelius agus Beethoven. Chuaigh sé ar scor ó RTÉ mar Cheann Ceoil chun díriú ar an gcumadóireacht. Is é an píosa is luaithe ar John Kinsella: Orchestral Works a Symphony No.6, ceiliúradh ar chairdeas agus ar spéis chomhroinnte i gceol, a scríobhadh in 1992.

Admhaíonn Kinsella é féin, maidir le Symphony No.7  atá ar an CD freisin, cé go bhfuil sé scríofa go hiomlán ina stíl féin, go bhfuil pointí teagmhála lántoiliúla ann le 7ú siansa Sibelius.  Is iad an dá shaothar ceoil eile ar John Kinsella: Orchestral Works ná Cúchulainn and Ferdia: Duel at the Ford  agus Prelude and Toccata for String Orchestra. Scríobhadh an ceann deireanach sin i dtosach mar cheathairéad téadach le haghaidh Fhéile Ceol Aireagail Iarthar Chorcaí. Rinneadh céad taibhléiriú Cúchulainn and Ferdia, a bhfuil macalla air i saothar Louis le Brocquy ar chlúdach an CD, ag ceolchoirm féiltiúil ag ceiliúradh chomóradh 60 bliain Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ in 2008.

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
22 Aibreán 2014: Title (GA) (PDF, )
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)