23 Feabhra 2012: FÓGRAÍTEAR COIMISINÉIR AGUS COIMEÁDAÍ DO BIENNALE AILTIREACHTA NA VEINÉISE 2012

Tá ríméad ar Cultúr Éireann, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon, a fhógairt gur ceapadh an fhoireann a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag an Biennale Ailtireachta sa Veinéis.

Is tionscnamh de chuid Cultúr Éireann é rannpháirtíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon.
Roghnaíodh an Coimisinéir, Elizabeth Francis agus an Coimeádaí, John Mc Laughlin trí phróisis iomaíocha oscailte agus roghnaigh siad cur i láthair a dhéanamh ar an gcleachtas dinimiciúil Éireannach, ailtirí heneghan peng.


Tá na hailtirí heneghan peng ag obair ar cheithre mhór-roinn faoi láthair ar réimse leathan tionscadal a bhuaigh comórtais. Tá roinnt acu sin i láithreáin atá leochaileach agus siombalach, agus áirítear trí Láithreán Oidhreachta Dhomhanda de chuid UNESCO orthu sin. Dúirt an coimeádaí, John McLaughlin, "léiríonn ailtirí heneghan peng na bealaí líonraithe domhanda chun ailtireacht a dhéanamh atá indéanta anois, agus mar chleachtas idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn, léiríonn siad an treo inar féidir le hailtireacht na hÉireann forbairt amach anseo"

Tá taithí idirnáisiúnta shuntasach ag Elizabeth Francis, atá bunaithe in Bologna faoi láthair, agus ag John McLaughlin, agus bhí baint acu beirt le tionscadail chultúrtha a chur ar fáil sa bhaile agus thar lear. Tá sé d’aidhm acu aird a dhíriú ar an tionchar atá ag ailtirí na hÉireann ar fud an domhain agus ar an obair den scoth atá curtha ar fáil acu tríd an gcur i láthair sin.

Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, "Tá an Chomhairle Ealaíon bródúil as tacú le cur i láthair na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise arís". Léirítear in obair na n-ailtirí heneghan peng go bhfuil ailtireacht na hÉireann mar cheannródaí i gcleachtas idirnáisiúnta i láthair na huaire. Tugann ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis i mbliana deis dár dtír fairsinge agus saibhreas na n-ealaíon in Éirinn a chur i láthair do lucht féachana idirnáisiúnta.

Dúirt Eugene Downes, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chultúr Éireann "Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise an taispeántas domhanda is mó chun tallann ailtireachta a chur i láthair, agus trí chur i láthair na n-ailtirí heneghan peng tabharfar deis dúinn ardchaighdeán, dinimiceas agus clú láidir ailtirí na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain."

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
22 Aibreán 2014: Title (GA) (PDF, )
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)