Ag labhair di maidir leis an scéala, dúirt an tUasal Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, "Tá ceithre scór agus deich mbliana caite aici ag obair i gcúrsaí téatair agus scannán na hÉireann. I measc na ról a bhí aici in amharclann na Mainistreach bhí a ról mar Blanaid i léiriú 1936 de The Moon in the Yellow River agus bhí ról aici sa chór i léiriú na bliana 2000 de Medea. Ba le linn Barry Fitzgerald a bhí sí i mbarr a réime agus is iomaí scannán agus ról teilifíse a bhí aici i gcaitheamh na mblianta. Lean sí uirthi freisin ag aisteoireacht i léiriúcháin bhríomhara cheannródaíocha ar an imeall, agus is iomaí cleachtóir amharclainne síos tríd na blianta a fuair tacaíocht agus misneach uaithi. Bhí an tionchar a bhí aici ar na healaíona in Éirinn i bhfad níos leithne ná díreach a bheith ar stáitse. Bhí a gnólacht léiriúcháin Gemini lonnaithe in amharclann Elbana ó 1959 agus ba léiritheoir den scoth a bhí inti a chuir de chúram uirthi féin drámaí nua a léiriú agus an chuid is fearr de shaothar comhaimseartha a chur ar fáil do lucht féachana na hÉireann ar feadh na seascaidí, na seachtóidí agus ina dhiaidh sin. Is cinnte gur deireadh ré é a bás. Mairfidh ainm Phyllis Ryan i gcuimhne agus go deimhin i gcroíthe an phobail ealaíonta agus mhuintir na hÉireann mar shiombail den fhuinneamh, den ilchumas agus den righneas gan loiceadh atá i gcúrsaí ealaíne na hÉireann."