Maidir linne
Joe StuartBainisteoir Cothaithe agus Comhordaithe na nEalaíonTel: 01 6180235
Cuireann an Chomhairle Ealaíon a comhbhrón in iúl ar chloisteáil faoi bhás Phyllis Ryan.
Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus na Gaeltachta, Jimmy Deenihan T.D., i Veinéis inniu chun taispeántas na hÉireann a oscailt ag an 54ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ealaíne, la Biennale di Venezia, an sárthaispeántas físealaíon is tábhachtaí ar domhan.
Seolann an tAire Deenihan an t-ardán ardteicneolaíochta Culturefox i gcomhair imeachtaí cultúrtha na hÉireann Déanfaidh apa soghluaiste na Comhairle Ealaíon an earnáil chruthaitheach a spreagadh agus níos mó turasóirí a mhealladh go hÉirinn
Tá scríofa ag Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, An tUasal Pat Moylan, chuig Cathaoirligh IDA Éireann, Fiontraíocht Éireann, Coimisiún Forbartha an Iarthair, Forbairt Shionainne agus Údarás na Gaeltachta chun sraith cruinnithe a mholadh d’fhonn díriú ar fhostaíocht a mhéadú tríd an méid atá bainte amach in Éirinn i réimse na cruthaitheachta agus na nuálaíochta.
Is oth leis an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Thomáis Mhic Anna.
Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Patrick Galvin, drámadóir, cumadóir amhrán agus comhalta d'Aosdána.
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis sonraí na bhfaighteoirí rathúla a fhógairt faoi bhabhta a dó de Scéim na bhFéilte Beaga don bhliain 2011.
D’fhógair an Chomhairle Ealaíon, Ollscoil Luimnigh agus Damhsa Éireann seoladh tionscnaimh nua a bhfuil sé d’aidhm aige nasc a chruthú idir oideachas damhsa agus cleachtas gairmiúil damhsa in Éirinn.
Is mian leis an gComhairle Ealaíon tréaslú le William Trevor, Colm Tóibín agus Colum McCann ó fógraíodh gur cuireadh ar an ngearrliosta iad i gcomhair Dhuais Idirnáisiúnta IMPAC 2011.
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis comhghairdeas a sheoladh chuig an gcúigear ealaíontóirí a toghadh inniu mar chomhaltaí de chuid Aosdána, an mheitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn.