11 Bealtaine 2011: Cuireann an Chomhairle Ealaíon a brón in uíl ar bhás Patrick Galvin


Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Patrick Galvin, drámadóir, cumadóir amhrán agus comhalta d'Aosdána.
                                                                                                                                 Ag labhairt di faoina bhás, dúirt Sarah Bannan, Ceann Litríochta ag an gComhairle Ealaíon "Is trua leis an gComhairle Ealaíon go mór bás Patrick Galvin. Bhí ionbhá agus leochaileacht iontach le sonrú ina chuid scríbhneoireachta, agus bhí léitheoirí dílse aige ar fud an domhain mar gheall air sin. Cailliúint mhór is ea a bhás do litríocht na hÉireann agus tá ár smaointe lena bhean, Mary Johnson agus lena pháistí."

Rugadh é i gCorcaigh in 1927, agus chuaigh sé thar lear in 1943 le bheith ar fiannas san RAF i rith an Dara Cogadh Domhanda. Bhí cónaí ar i Londain go dtí 1974, nuair a d’fhill sé ar Éirinn. I measc a chnuasaigh filíochta tá  Heart of Grace (1957), Christ in London (1960), The Woodburners (1973), Man on the Porch (1980), Folktales for the General(1990) agus The Death of Art O'Leary (1992). D’fhoilsigh Cork University Press New and Selected Poems  dá chuid in 1996. I measc a dhrámaí tá And Him Stretched, Cry the Believers, Nightfall to Belfast, The Last Burning, We Do It for Love, The Devil's Own People agus My Silver Bird. Bhí seacht ndráma scríofa aige don raidió agus thaifead sé seacht n-albam de bhailéid Éireannacha. Foilsíodh na trí imleabhar dá dhírbheathaisnéis -  Song for a Poor Boy: A Cork Childhood (1990), Song for a Raggy Boy (1991), agus Song for a Fly Boy (2002) - le chéile in imleabhar amháin in 2002. Tháinig an leagan scáileáin a rinne sé de Song for a Raggy Boy amach sna pictiúrlanna in 2003. Bronnadh Comhaltacht Leverhume air mar dhrámadóir cónaithe ag Amharclann Lyric i mBéal Feirste ó 1974 go dtí 1978 agus bhí sé ina scríbhneoir cónaithe leis an Lár-Réigiún Thoir (1980-82), Dún Laoghaire (1996), Port Laoise (1997), Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (1998) agus Comhairle Contae Chiarraí (2002).  Bronnadh Gradam filíochta O’Shaughnessy ón Institiúid Chultúrtha Ghael-Mheiriceánach air in 1995. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Fhéile Poetry Now agus Ionad Litríochta na Mumhan. Bhí sé ina chomhalta d’Aosdána

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)