Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis fógairt go bhfuil an tréimhse iarratais oscailte anois i gcomhair Chomhaltacht Jerome Hynes. Tá sé mar aidhm ag an dámhachtain seo cabhair a thabhairt chun ceannairí cultúrtha den scoth a fhorbairt d'Éirinn.
Tionscnamh de chuid Chlár Ceannaireachta Clore atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe í an Chomhaltacht, agus meallann sí timpeall cúig dhuine eisceachtúil is fiche gach bliain, a bhfuil sé d'acmhainn acu ról suntasach a bheith acu maidir le réimse leathan gníomhaíochtaí cultúrtha.
Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Tá áthas orainn a bheith bainteach leis an dámhachtain seo i gcomhar le Clár Ceannaireachta Clore, a bhfuil an aidhm iontach aige glúin nua ceannairí cultúrtha a chothú d'Éirinn. Is deis iontach é seo a cuirfidh ar chumas duine ardéirimiúil a scileanna ceannaireachta, a thallann agus a mhuinín a fhorbairt laistigh den earnáil chultúrtha. Tá súil againn go dtabharfaidh sampla Jerome Hynes inspioráid d'fhaighteoirí na Comhaltachta atá ainmnithe ina onóir, ionas go mbeidh siad chomh láidir agus chomh paiseanta céanna sa mhéid a chuireann siadsan le forbairt na n-ealaíon in Éirinn."
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas le haghaidh Chomhaltacht Jerome Hynes ar Chlár Ceannaireachta Clore ná 12 meán lae, 11 Márta 2011. Fógrófar ainm Chomhalta 2011/2012 i mí an Mheithimh.
Tuilleadh faisnéise
Chun tuilleadh faisnéise agus foirm iarratais ar líne a fháil, téigh chuig: http://www.cloreleadership.org/page.php?id=142.