11 Feabhra 2011: Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Colm Tóibín agus gradam PEN na hÉireann don Litríocht

Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Colm Tóibín, ar bronnadh gradam PEN na hÉireann don Litríocht air 
Dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: "Is iomaí bua atá ag Colm Tóibín mar scríbhneoir, agus tá áthas orm a chuid oibre a fheiceáil á ceiliúradh agus PEN na hÉireann a fheiceáil ag tabhairt onóra dó. Tá Colm ar dhuine de scríbhneoirí is cruthanta na tíre seo. D’oibrigh sé mar cholúnaí agus mar scríbhneoir gné-alt, mar eagarthóir agus mar léirmheastóir. Bhí agus tá an-tionchar aige ar scríbhneoireacht Éireannach agus idirnáisiúnta araon agus tá tacaíocht tugtha aige do scríbhneoirí agus d’ealaíontóirí eile maidir len iad féin a chur in iúl."