Is é an spriocdháta do Scéim Ensembles na nÓg 2011 ná an 29 Aibreán 2011 ag 5:30 i.n.
Is é príomhchuspóir na dámhachtana seo ná tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí daoine óga idir 12 agus 23 bliana d’aois chun saothar uaillmhianach úrnua a chruthú le chéile i bhfoirm ealaíne ar bith (m.sh. sorcas, damhsa, na meáin dhigiteacha, scannán, ceol, téatar, litríocht, na físealaíona nó meascán ar bith díobh sin). Ní mór go mbeadh grúpaí/ensembles comhdhéanta de thriúr ball nó níos mó.
Is í an dámhachtain is airde atá ar fáil ná €10,000.
Tuilleadh faisnéise
- Le tuilleadh faisnéise a fháil faoin scéim seo agus conas iarratas a dhéanamh cliceáil anseo.