Is mian leis an gComhairle Ealaíon tréaslú le William Trevor, Colm Tóibín agus Colum McCann ó fógraíodh gur cuireadh ar an ngearrliosta iad i gcomhair Dhuais Idirnáisiúnta IMPAC 2011.
Cuireadh Trevor ar an ngearrliosta de bharr a ghearrscéal Love and Summer, atá lán de ghrinnstaidéar; Tóibín as a shaothar caolchúiseach Brooklyn, atá scríofa go healaíonta; agus McCann as a úrscéal uaillmhianach ilchisealach, Let the Great World Spin.
Ainmníodh 162 saothar i gcomhair na Duaise €100,000 seo arb í an duais liteartha bhliantúil is luachmhaire í atá ar fáil i gcomhair saothar singil ficsin as Béarla.
Tugann na hainmniúcháin aitheantas do thallann ollmhór scríbhneoirí comhaimseartha na hÉireann agus léiríonn siad an t-ardmheas atá ar litríocht na hÉireann sa tír seo agus thar lear.