Rinne Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Pat Moylan, comhghairdeas le Michael Creagh, ar ainmníodh a ghearrscannán The Crush i gcomhair Academy Award inniu, agus ghuigh sí ádh mór air ar oíche na nOscar.
Dúirt sí gur chúis áthais di a bhfuil bainte amach ag Michael agus ag an bhfoireann a chruthaigh an gearrscannán The Crush.
"Léirítear an t-ardmheas atá ar ealaíontóirí Éireannacha timpeall na cruinne agus stiúrthóir Éireannach ainmnithe do ghradam clúiteach idirnáisiúnta cosúil leis seo.
Is ardmholadh atá ann dár sochaí chruthaitheach, bhríomhar, nuálaíoch é aitheantas mar seo a fháil, agus is féidir le gach duine in Éirinn a bheith bródúil inniu as an ról a bhíonn ag infheistíocht phoiblí sna healaíona chun é seo a chothú," a dúirt sí.