25 Márta 2011: Comhairleoirí Ealaíon á lorg ag an gComhairle Ealaíon

Tá sraith iarratas eisithe ag an gComhairle Ealaíon ar thograí ó chleachtóirí a bhfuil taithí acu agus ar mian leo seirbhísí a sholáthar mar Chomhairleoirí Ealaíon i réimse leathan foirmeacha ealaíne agus cleachtas ealaíne.

Cé go bhfuil sonraíocht uathúil ann do gach ról, bíonn cabhrú i gceist le go leor acu le measúnú agus luacháil ar iarratais ar mhaoiniú agus comhairle chriticiúil a sholáthar ar shaothar ealaíne.

Eiseofar an glao trí eTenders agus moltar d’iarratasóirí an suíomh sin a sheiceáil le faisnéis iomlán a fháil maidir leis na róil agus conas tairiscint a dhéanamh.

Is é an spriocdháta le haghaidh tograí comhlánaithe a fháil ná Dé Luain, an 18 Aibreán 2011. 

Seo a leanas an liosta iomlán seirbhísí Comhairleoirí Ealaíon atá á lorg anois: