22 Feabhra 2011: Is oth leis an gComhairle Ealaíon Paul Funge a bheith ar shlí na fírinne

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Paul Funge, a d’éag inniu.

Ag labhairt di inniu, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, "Is mór an chailliúint é bás Paul Funge do phobal ealaíon na hÉireann. Ba fhíorcheannródaí é, san obair a rinne sé mar ealaíontóir agus ar mhaithe leis na healaíona a chun cinn.  Bhíodh an obair sin ar bun aige ina bhaile dúchais, Guaire, agus ar leibhéal náisiúnta chomh maith, agus é meáite ar an éirí croí atá le fáil ó rannpháirtíocht ealaíne a chur in iúl tráth nár labhair go leor daoine eile amach faoin gceist sin.   Thacaigh sé le fada le tábhacht na n-ealaíon san oideachas.  Is oth linn go mór go bhfuil sé ar shlí na fírinne.