Maidir linne
Is oth leis an gComhairle Ealaíon David Nowlan, iriseoir agus léirmheastóir téatair, a bheith tar éis bás a fháil.
Is mian leis an gComhairle Ealaíon comhbhrón ó chroí a dhéanamh le muintir agus cairde Steve MacDonogh, foilsitheoir, eagarthóir agus scríbhneoir Éireannach, a fuair bás go tobann inné.
Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí leis an scríbhneoir Paul Murray ó fógraíodh go bhfuil sé ar an ngearrliosta i gcomhair Dámhachtain Úrscéil "Costa" 2010.
Fáiltíonn an Chomhairle Ealaíon roimh iarratais ar an Dámhachtain Ailtireachta Kevin Kieran.
Tá a forbhreathnú straitéiseach le haghaidh 2011 go dtí 2013 foilsithe ag an gComhairle Ealaíon, agus deir sí go gcabhróidh an doiciméad léi cinntí a dhéanamh thar an tréimhse sin.
Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon Scéim na Scríbhneoirí i Leabharlanna i 1985, agus rinne an t-údar Derek Landy athsheoladh ar an scéim inniu (30 Meán Fómhair) i Leabharlann nua an Rois. Scríobhann Derek leabhair do leanaí agus tá dámhachtainí buaite aige de bharr a shaothar.
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon beartas nua i leith na hÉagsúlachta Cultúrtha agus seolann an paimfléad Éagsúlacht Chultúrtha agus na hEalaíona: Teanga agus Bríonna
Tá an Chomhairle Ealaíon agus Ollscoil Luimnigh tar éis pleananna a fhógairt chun tabhairt faoi Staidéar Féidearthachta atá dírithe ar oiliúint ghairmiúil sa damhsa agus an oideachas damhsa a fhorbairt in Éirinn.
Seoladh Reel Art in 2008 agus é deartha chun deis uathúil a chur ar fáil do lucht scannán cláir faisnéise chruthaitheacha, shamhlaíocha agus thurgnamhacha a dhéanamh ar théama ealaíne.
Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Emma Donoghue ó cuireadh í ar an ngearrliosta i gcomhair na duaise Man Booker dá húrscéal Room.