16 Mí na Samhna 2010: Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Paul Murray

Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí leis an scríbhneoir Paul Murray ó fógraíodh go bhfuil sé ar an ngearrliosta i gcomhair Dámhachtain Úrscéil "Costa" 2010.

Dúirt Sarah Bannan, Ceann Litríochta na Comhairle Ealaíon nuair a fógraíodh an scéal: Leabhar an-siamsúil é Skippy Dies a chorraíonn an croí go mór; saothar úrnua, éirimiúil is ea é atá curtha le chéile go breá. Léiríonn Murray scil neamhchoitianta agus é ag athrú peirspictíochtaí, ton agus atmaisféir agus tá saothar cruthaithe aige atá greannmhar, tuisceanach agus brónach. Úrscéal den scoth é seo ó údar a bhfuil bua na scríbhneoireachta aige agus is cúis áthais dúinn gur tugadh an t-aitheantas seo dó.

Tá cáil ar Éirinn as a traidisiún liteartha saibhir agus a scríbhneoirí dinimiciúla comhaimseartha. Léiriú eile is ea dámhachtainí idirnáisiúnta mar Costa gurb áit í Éire a bhfuil saothair liteartha den scoth á gcruthú inti.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)