30 Meán Fómhair 2010: Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil tús á chur athuair le Scéim na Scríbhneoirí i

Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon Scéim na Scríbhneoirí i Leabharlanna i 1985, agus rinne an t-údar Derek Landy athsheoladh ar an scéim inniu (30 Meán Fómhair) i Leabharlann nua an Rois. Scríobhann Derek leabhair do leanaí agus tá dámhachtainí buaite aige de bharr a shaothar. 

Cuirfear maoiniú ar fáil i gcomhair imeachtaí samhlaíocha liteartha i leabharlanna ar fud na tíre faoi Scéim na Scríbhneoirí i Leabharlanna. Leagadh amach an scéim chun leabharlanna a spreagadh a bheith ina gcomhpháirtithe ag féilte liteartha náisiúnta agus áitiúla agus le heagraíochtaí acmhainní. Lena chois sin ceapadh í le leabharlanna a spreagadh chun meáin dhigiteacha agus shóisialta a úsáid. Tá an Chomhairle Ealaíon agus an Chomhairle Leabharlanna ag cómhaoiniú na scéime agus tá sí á bainistiú agus á riar ag Éigse Éireann a bhfuil taithí ceithre bliana déag acu ag obair sa réimse seo. 

Thug Ceann Litríochta na Comhairle Ealaíon, Sarah Bannan, le fios go raibh gliondar ar an gComhairle faoin scéim:  ‘Tá cáil bainte amach ag Éirinn de bharr a cuid scríbhneoirí agus a léitheoirí. Tá córas bríomhar cliste leabharlanna againn a bhfuil foirne leabharlannaithe feasacha iontu atá lán de dhíograis agus a chuireann litríocht ardchaighdeáin os comhair na mílte léitheoirí gach lá. Tá áthas orainn scéim a sheoladh a chuirfidh tacaíocht ar fáil do leabharlanna agus iad ag leagan amach clár imeachtaí spreagúla i gcomhair a bpobail áitiúla a chabhróidh le léitheoirí aithne a chur ar na húdair is ansa leo’.

Beidh faisnéis iomlán faoin Scéim agus faoi na dátaí deiridh mar aon le foirmeacha iarratais le fáil ó Éigse Éireann ón Déardaoin, 30 Meán Fómhair ar aghaidh.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)