Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon beartas nua i leith na hÉagsúlachta Cultúrtha agus seolann an paimfléad Éagsúlacht Chultúrtha agus na hEalaíona: Teanga agus Bríonna
D’fhógair an Chomhairle Ealaíon beartas nua agus straitéis nua i leith na hÉagsúlachta Cultúrtha agus na nEalaíon agus sheol sí an paimfléad Éagsúlacht Chultúrtha agus na hEalaíona: Teanga agus Bríonna.
Beidh tionchar ag an mbeartas seo ar obair na Comhairle Ealaíon sna blianta amach romhainn agus tá sé i gceist go mbeidh an paimfléad ina acmhainn phraiticiúil chun tacú leis an earnáil i bhforbairt a cuid smaointe agus a cleachtas sa réimse seo.
Rinne an Chomhairle Ealaíon coimisiúnú ar an tuarascáil taighde Cultural Diversity and the Arts (2009) (Éagsúlacht Chultúrtha agus na hEalaíona) i gcomhpháirtíocht leis an Aire Comhionannais, Comhtháite agus Cearta Daonna faoi phlean an Rialtais: An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais, agus is ar bhonn na tuarascála sin a tógadh an beartas nua. Ba é Create, an ghníomhaireacht náisiúnta forbartha um ealaíona comhpháirteacha, a rinne comhordú ar an taighde.
Tá aitheantas á thabhairt don éagsúlacht mar sprioc lárnach d’obair na Comhairle Ealaíon ó 2006 i leith. D’fhorbair an Chomhairle an beartas chun aitheantas a thabhairt don chaoi ina saibhríonn éagsúlacht chultúrtha earnáil na n-ealaíon in Éirinn agus don chaoi ina gcuirfidh sí fuinneamh leanúnach i bhforbairt na gcleachtas ealaíon agus na foirme ealaíne. Aithníonn an Chomhairle an luach bunúsach a bhaineann le cur chuige idirchultúrtha maidir le soláthar na n-ealaíon in Éirinn agus aithníonn sí freisin gurb iomaí sraith agus féiniúlacht atá i sochaí na hÉireann agus go mbíonn siad ag síorathrú.
Labhair an tAire Comhionannais, Comhtháite agus Cearta Daonna Mary White T.D. ag an seoladh agus dúirt: "is féidir saol gach duine sa tír a fheabhsú trí mheán na n-ealaíon, is cuma cén aois, inscne, cine nó náisiúntacht atá acu. Creidimse go daingean gur féidir feasacht, tuiscint agus idirghníomhú idirchultúrtha a chur chun cinn trí mheán na n-ealaíon agus gur féidir tionchar dearfa a imirt orthu. Is féidir é sin a dhéanamh trí chruthú, trí rannpháirtíocht agus trí thaitneamh a bhaint as na healaíona éagsúla. Samplaí breátha iad Straitéis i leith na nEalaíon agus an Paimfléad den aitheantas a thugann eagraíochtaí don saol athraitheach ina bhfuilimid inár gcónaí agus ina mbímid ag gníomhú agus den fhreagairt a thugann siad ar an saol sin."
Dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: "Tá an Chomhairle Ealaíon ag súil go dtabharfaidh na foilseacháin seo spreagadh dóibh siúd atá ag obair sna healaíona oibriú níos mó le cleachtóirí agus leis an bpobal ó chúlraí éagsúla cultúrtha agus go gcabhróidh siad leo é sin a dhéanamh. Má dhéantar tuilleadh oibre den chineál seo agus má dhéantar níos fearr í, cuirfidh sé sin le réimse na gcleachtas ealaíon ar fud na tíre agus saibhreoidh siad é."