18 Mí na Samhna 2010: Is oth leis an gComhairle Ealaíon Stephen MacDonogh a bheith ar shlí na fírinne

Is mian leis an gComhairle Ealaíon comhbhrón ó chroí a dhéanamh le muintir agus cairde Steve MacDonogh, foilsitheoir, eagarthóir agus scríbhneoir Éireannach, a fuair bás go tobann inné.

Bhí MacDonogh, a bhunaigh Brandon Books sa bhliain 1982, ina cheannródaí i réimse foilsitheoireachta liteartha na hÉireann agus chuir sé glórtha liteartha nua chun cinn gan staonadh. Bhí obair chliste, straitéiseach, eachtrúil, chróga ar bun aige mar fhoilsitheoir, agus bhí meas ag a chomhghleacaithe in Éirinn agus thar lear air. Thacaigh sé le scríbhneoirí ag gach céim dá ngairm, agus mairfidh tionchar a shaothair ar léitheoirí na hÉireann ar feadh na nglún amach anseo. Braithfear uainn go mór é.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)