Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Emma Donoghue ó cuireadh í ar an ngearrliosta i gcomhair na duaise Man Booker dá húrscéal Room.
Tar éis an fhógra, dúirt Sarah Bannan, Ceann Litríochta na Comhairle, "Tá saothar ficsin mealltach agus taibhsiúil cruthaithe ag Emma Donoghue i Room, ceann a fhanann leis an léitheoir i bhfad tar éis dó an leathanach deireanach a léamh. Tugann sí beocht do ghuth úrnua fíréanta, agus is ceardaíocht den scoth atá ina cuid próis. Is mór an chúis áthais painéal breithiúna Booker a fheiceáil ag tabhairt aitheantais don leabhar seo ó scríbhneoir atá tiomanta go hiomlán dá saothar."
Lean sí uirthi ag rá: "Tá clú suntasach ar an tír seo de bharr a cuid scríbhneoirí agus scríbhneoireachta, agus tá an ghlúin reatha de scríbhneoirí Éireannacha ar cheann de na cinn is spreagúla, is cumasaí agus is ilchineálaí. Is léiriú atá ann de láidreacht litríocht chomhaimseartha na hÉireann scríbhneoir Éireannach a bheith ar ghearrliosta Booker, agus chun é seo a chothú, tá sé riachtanach go leanfaimid ag tacú le scríbhneoirí chun tabhairt faoina gceird."