Tá a forbhreathnú straitéiseach le haghaidh 2011 go dtí 2013 foilsithe ag an gComhairle Ealaíon, agus deir sí go gcabhróidh an doiciméad léi cinntí a dhéanamh thar an tréimhse sin.
Tugtar forléargas san fhoilseachán, Forbairt na nEalaíon in Éirinn (Na hEalaíona a fhorbairt in Éirinn), ar thosaíochtaí straitéiseacha na gníomhaireachta, agus deirtear inti go ndéanfaidh an Chomhairle a seacht ndícheall soláthar ealaíon atá cothrom agus inbhuanaithe a chothabháil, faoina mbeidh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ar fud na tíre á maoiniú.
Deir Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon Pat Moylan: "Is é dualgas na Comhairle Ealaíon na healaíona a mhaoiniú agus a fhorbairt, bíodh cúrsaí go maith nó go dona. Tá cur síos inár gcur chuige straitéiseach ar na prionsabail trína mbeimid á stiúradh ag an gComhairle Ealaíon thar na trí bliana atá romhainn, tréimhse ina mbeidh go leor dúshlán os comhair gach duine."
Dúirt an Chomhairle Ealaíon go bhfuil an forbhreathnú straitéiseach á fhoilsiú aici "le barr misnigh, ach le tuiscint freisin ar an réalachas a theastaíonn chun pleanáil agus soláthar a dhéanamh do na healaíona tráth a bhfuil deacrachtaí suntasacha ann maidir le cúrsaí airgid poiblí," agus thug sí le fios go láidir go bhfeicfear torthaí ar roinnt de na cinntí "nár mhaith linn a fheiceáil dá mbeadh cúrsaí níos fearr ná mar atá".
Geallann an Chomhairle Ealaíon san fhorbhreathnú go mbeidh sí ag obair i gcomhpháirt le raon comhlachtaí eile agus leis an earnáil ealaíon ar shlí éifeachtach. Deir an ghníomhaireacht freisin go leanfaidh sí uirthi ag obair i ndlúthpháirt le Fáilte Éireann chun gné na n-ealaíon dá bhfuil le tairiscint ag turasóireacht na hÉireann a chur chun cinn, agus chun comhpháirtíochtaí nua a fhorbairt chun cabhrú le forbairt eacnamaíochta agus le poist a chruthú, go mór mór sna tionscail chruthaitheacha agus chultúrtha.
Is féidir an doiciméad a íoslódáil anseo: