Cartlann

 

12 Feabhra 2009: Is oth leis an gComhairle Ealaíon an drámadóir, Hugh Leonard, a bheith ar shlí na fírinne

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon faoin drámadóir, údar agus colúnaí Jack Keyes Byrne, nó Hugh Leonard mar a bhí aithne ag cuid mhaith den phobal air, a bheith imithe ar shlí na fírinne Déardaoin, an 12 Feabhra.


08 Feabhra 2009: Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Martin McDonagh

Tá Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Pat Moylan, tar éis a comhghairdeas a dhéanamh leis an scríbhneoir Éireannach Martin McDonagh a ghnóthaigh gradam BAFTA don script scannáin úrnua is fearr i gcomhair an scannáin In Bruges oíche Dé Domhnaigh.


28 Eanáir 2009: Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Sebastian Barry as Ghradam leabhar na bliana Costa a

Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí leis an scríbhneoir Sebastian Barry ar chloisteáil an scéala go bhfuil Gradam leabhar na bliana Costa 2008 buaite ag a úrscéal láidir agus fíorálainn, The Secret Scripture.


26 Eanáir 2009: Cuireann an Chomhairle Ealaíon a brón in iúl ar bhás Phádraig Ó Faoláin

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil di faoi bhás Phádraig Ó Faoláin, a d’oibrigh in Amharclann na Mainistreach ag doras an stáitse ar feadh scór blianta agus a d’éag ar an Aoine, 16 Eanáir.


23 Eanáir 2009: Comhghairdeas ón gComhairle Ealaíon leo siúd a ainmníodh i gcomhair Oscar

Rinne Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Pat Moylan, comhghairdeas leis na healaíontóirí Éireannacha a ainmníodh a gcuid saothair i gcomhair Academy Award, agus ghuigh sí ádh mór orthu ar oíche na nOscar.


21 Eanáir 2009: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon agus Bord Scannán na hÉireann faighteoirí Scéim Digitithe

Is mian leis an gComhairle Ealaíon agus Bord Scannán na hÉireann a fhógairt go ndearnadh deontais a dhámhadh ar na heagraíochtaí seo a leanas faoi Scéim Digitithe na bPictiúrlann.


12 Eanáir 2009: Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Colin Farrell agus Gabriel Byrne

Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis comhghairdeas a chur chuig Colin Farrell agus Gabriel Byrne as an rath a bhí orthu ag searmanas na 66ú Dámhachtainí Golden Globe.


12 Eanáir 2009: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon mórdheontaisí na bliana 2009

Tá an Chomhairle Ealaíon, an ghníomhaireacht rialtais atá freagrach as na healaíona a chistiú agus a fhorbairt, tar éis a mór-leithdháiltí deontais a dhéanamh i gcomhair na bliana 2009.


17 Nollaig 2008: Cuireann stiúrthóir na Comhairle Ealaíon fáilte roimh bhaill nua na Comhairle Ealaíon


12 Nollaig 2008: Fógraítear spriocdháta do dhámhachtain ailtireachta Kevin Kieran na Comhairle Ealaíon

Tugann an Chomhairle Ealaíon cuireadh do dhaoine iarratais a sheoladh isteach i gcomhair Dámhachtain Ailtireachta Kevin Kieran. Ainmníodh an dámhachtain seo, arna tairiscint ag an gComhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí, as Kevin Kieran, nach maireann, a bhí ina ailtire, ina theagascóir agus ina chomhairleoir leis an gComhairle Ealaíon.


Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)