Rinne Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Pat Moylan, comhghairdeas leis na healaíontóirí Éireannacha a ainmníodh a gcuid saothair i gcomhair Academy Award, agus ghuigh sí ádh mór orthu ar oíche na nOscar.
Dúirt sí go raibh ríméid uirthi gur ainmníodh Martin McDonagh don Script Scannáin Úrnua Is Fearr (Best Original Screenplay) dá phríomhscannán In Bruges, agus do Roddy Doyle freisin, a bhfuil scannán déanta ag Steph Green ar scéal dá chuid, New Boy, atá san iomaíocht don dámhachtain Gearrscannán Beoghnímh Is Fearr (Best Live Action Short).
"Léirítear arís an t-ardmheas atá ar ealaíontóirí Éireannacha timpeall na cruinne agus beirt scríbhneoirí Éireannacha ainmnithe do ghradaim chlúiteacha idirnáisiúnta cosúil leo seo.
"Is ardmholadh atá ann dár sochaí chruthaitheach, bhríomhar, nuálaíoch é aitheantas mar seo a fháil, agus is féidir le gach duine in Éirinn a bheith bródúil inniu as an ról a bhíonn ag infheistíocht phoiblí sna healaíona chun é seo a chothú," a dúirt sí.
Rinne an tUasal Moylan comhghairdeas freisin leis an léiritheoir Redmond Morris, duine de cheathrar léiritheoirí a bhí ar The Reader, scannán atá san iomaíocht don Scannán Is Fearr (Best Picture), agus don dearthóir léiriúcháin Nathan Crowley, a ainmníodh de bharr a chuid oibre ar The Dark Knight.