Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí leis an scríbhneoir Sebastian Barry ar chloisteáil an scéala go bhfuil Gradam leabhar na bliana Costa 2008 buaite ag a úrscéal láidir agus fíorálainn, The Secret Scripture.
Bhí an úrscéal, a bhí ar an ngearrliosta do dhuais Booker na bliana seo, ar cheann de liosta cúig leabhar don ghradam a roghnaítear ó bhuaiteoirí chatagóirí eile Costa.
Tar éis an fhógra, dúirt Sarah Bannan, Ceann litríochta ag an gComhairle Ealaíon, "Is scríbhneoir den scoth é Sebastian Barry, atá tar éis tabhairt faoi gach cineál scríbhneoireachta - filíocht, prós, drámaíocht - agus a d’éirigh thar cionn leis i ngach ceann acu seo. Tá Gradam leabhar na bliana Costa tuillte go maith aige don úrscéal liriciúil agus drámatúil seo agus in aitheantas ar thiomantas buanseasmhach Barry do cheird na scríbhneoireachta. Is scríbhneoir é Barry a chruthaíonn nasc lena chuid léitheoirí, agus cé go bpléann a shaothar leis an stair, is láidre a bhíonn blas na daonnachta le fáil air.
Lean sí uirthi agus dúirt: "Tá cáil ar Éire as a traidisiún liteartha saibhir agus a scríbhneoirí dinimiciúla comhaimseartha. Is aitheantas breise ar sheasamh na hÉireann mar ionad barr feabhais liteartha iad gradaim idirnáisiúnta cosúil le gradam leabhar Costa. Tá roinnt deontais dáfa ag an gComhairle don Uasal Barry i rith a shaoil scríbhneoireachta; cuireann a bhua inniu i gcuimhne dúinn an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht inár bpobal ealaíne.