Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis comhghairdeas a chur chuig Colin Farrell agus Gabriel Byrne as an rath a bhí orthu ag searmanas na 66ú Dámhachtainí Golden Globe.
Dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Tá an-áthas orainn a chloisteáil gur bhuaigh Colin Farrell agus Gabriel Byrne na dámhachtainí cáiliúla seo. Léiríonn rath na n-aisteoirí Éireannacha den scoth seo an t-ardmheas atá ar ealaíontóirí Éireannacha sa bhaile agus thar lear araon.
"Inniu is féidir leis an gcáiníocóir cuid den ómós a ghlacadh chomh maith. Tá móréachtaí leanúnacha na n-ealaíon Éireannach ar an stáitse idirnáisiúnta ina mholadh don tsochaí bheo, chruthaitheach ina mairimid anois, agus aithnímid an ról tábhachtach a bhí ag infheistíocht phoiblí sna healaíona chun é seo a bhuanú."