12 Nollaig 2008: Fógraítear spriocdháta do dhámhachtain ailtireachta Kevin Kieran na Comhairle Ealaíon

Tugann an Chomhairle Ealaíon cuireadh do dhaoine iarratais a sheoladh isteach i gcomhair Dámhachtain Ailtireachta Kevin Kieran.  Ainmníodh an dámhachtain seo, arna tairiscint ag an gComhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí, as Kevin Kieran, nach maireann, a bhí ina ailtire, ina theagascóir agus ina chomhairleoir leis an gComhairle Ealaíon. Is í an aidhm atá léi ná cabhrú le forbairt chruthaitheach an ailtire agus maoiniú a chur ar fáil le haghaidh sárchaighdeán agus nuálaíochta san ailtireacht.

Tabharfaidh an dámhachtain seo, a bhfuil luach €50,000 i gceist ann thar thréimhse dhá bhliain,
deis d'ailtire cumasach atá ag teacht chun cinn tionscadal taighde a fhorbairt agus a chur i gcrích. Ina dhiaidh seo, fostófar an t-ailtire chun conradh tógála a dhearadh agus a reáchtáil ar son Oifig na nOibreacha Poiblí.

Dúirt Clare Doyle, Ceann Ailtireachta ag an gComhairle Ealaíon: ‘Tá an Dámhachtain seo ar cheann de na tacaí is tábhachtaí atá ag an gComhairle d’ailtirí, agus cuireann sé deis uathúil ar fáil d’ailtirí chun teacht thar na teorainneacha a bhaineann le gnó na hailtireachta. Tugann sé an deis d’ailtire am a chaitheamh ag díriú ar a bhforbairt chruthaitheach féin agus cur le saothar riachtanach taighde ailtireachta in Éirinn. Tá áthas orainn an dámhachtain seo a thairiscint don ceathrú uair lenár gcomhpháirtí, Oifig na nOibreacha Poiblí.‘

Is é an spriocdháta le haghaidh Dhámhachtain Kevin Kieran ná Déardaoin 29ú Eanáir ar 5.30in.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)