Tá Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Pat Moylan, tar éis a comhghairdeas a dhéanamh leis an scríbhneoir Éireannach Martin McDonagh a ghnóthaigh gradam BAFTA don script scannáin úrnua is fearr i gcomhair an scannáin In Bruges oíche Dé Domhnaigh.
"Éacht iontach ó scríbhneoir an-tréitheach is ea é seo, agus tá an Chomhairle Ealaíon bródúil as a comhcheangal le Martin McDonagh. Is féidir leis an bpobal a bheith bródúil as an rath leanúnach atá ar ealaíontóirí Éireannacha sa bhaile agus thar lear, agus as an ról atá ag cistiú na gcáiníocóirí do na healaíona maidir lenár sochaí bheoga agus chruthaitheach a chothabháil", a dúirt an tUasal Moylan.