26 Eanáir 2009: Cuireann an Chomhairle Ealaíon a brón in iúl ar bhás Phádraig Ó Faoláin

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil di faoi bhás Phádraig Ó Faoláin, a d’oibrigh in Amharclann na Mainistreach ag doras an stáitse ar feadh scór blianta agus a d’éag ar an Aoine, 16 Eanáir.

Ag labhairt di inniu, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, "Is trua leis an gComhairle go mór bás Phádraig Uí Fhaoláin, a raibh an-aithne air i saol na n-ealaíon. Bhí sé lán le beocht agus chuir sé go mór le saol ealaíon Bhaile Átha Cliath lena chuid greann, grinneas agus éirim."

Bhí aithne ag na céadta aisteoirí a chuaigh trí dhoirse Amharclann na Mainistreach air mar "Father Pat", mar b’fhacthas dó gur cuid dá chuid oibre ná cúram agus aire a thabhairt dóibh siúd a tháinig tríd na doirse, aisteoirí óga nó nua go háirithe, ar theastaigh fáilte uathu in institiúid a bhfuil cáil dhomhanda agus cuma scanrúil uirthi.

Chuir sé suim sa phéintéireacht nuair a bhí sé i dtús a chuid fichidí, agus roinn sé stiúideo le Geoff Steiner-Scott i Lincoln Lance ar feadh tréimhse go luath sna seachtóidí. Bhí glór breá amhránaíochta aige, baratón éadrom, a thaitin go mór le daoine.  Ba duine d'fhíor-phearsana Bhaile Átha Cliath é agus aireoimid uainn go mór é.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
22 Aibreán 2014: Title (GA) (PDF, )
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)