Tá an Chomhairle Ealaíon, an ghníomhaireacht rialtais atá freagrach as na healaíona a chistiú agus a fhorbairt, tar éis a mór-leithdháiltí deontais a dhéanamh i gcomhair na bliana 2009. Tá beagnach €60 milliún á thabhairt do 352 eagraíocht, ionad, féile agus pobal ar fud na tíre. Ar aon dul lena gnáthchleachtas, tá fuílleach an chistiúcháin do 2009 á leithdháileadh ag an gComhairle ar thionscadail agus ar ealaíontóirí aonair, agus íocfar amach é i rith na bliana.
I bhfianaise an chistiúcháin laghdaithe i gcomhair na bliana seo chugainn, agus na saincheisteanna maidir leis an gcaiteachas poiblí go meántréimhseach, chaith an Chomhairle roinnt ama le cur chuige straitéiseach a fhorbairt, ar machnaíodh go maith roimh ré air, i ndáil lena leithdháiltí deontais i gcomhair na bliana 2009.
Dúirt an tUasal Maurice Foley, Leaschathaoirleach na Comhairle Ealaíon, go raibh an Chomhairle aireach ar a róil mar cheannaire agus mar chomhpháirtí i soláthar na n-ealaíon agus na cinntí maidir le cistiú á ndéanamh. "Rinneamar iarracht creatlach na n-ealaíon - na príomheagraíochtaí - a chothú thar dosaen réimse den chleachtas ealaíon, agus deis a thabhairt do dhaoine ar fud na tíre blaiseadh den chuid is fearr de na healaíona in 2009."
"Mar shampla, bhain an Chomhairle úsáid as an gcur chuige seo chun príomhthosaíocht a thabhairt do chistiú d’fhéilte. Ina measc, tá na mórfhéilte ceoldrámaíochta, damhsa, drámaíochta agus scannáin. Ar fud na gcleachtas ealaíon, beidh féilte ar nós Éigse i gCeatharlach, Earagail i nDún na nGall, Junction i dTiobraid Árann, Féile Lársamhraidh Chorcaí, agus beagnach 200 féile eile ar tugadh tacaíocht dóibh faoi Scéim na bhFéilte Beaga, ag leanúint orthu ag dul i ngleic leis an bpobal i ngach áit," a dúirt an tUasal Foley.
Dheimhnigh an Chomhairle freisin a cinneadh chun an cnuas a mhéadú go €20,000 in aghaidh na bliana faoi 2010, d’ainneoin acmhainní laghdaithe. Is éard atá sa chnuas ná stipinn a íoctar le comhaltaí incháilithe d’Aosdána le cur ar a gcumas a ndúthracht go léir a chaitheamh lena gcuid ealaíne.
"Ghlacamar le cur chuige straitéiseach, agus is é an aidhm atá againn ná forbairt gach earnála de na healaíona a threorú tríd an lagú eacnamaíochta atá ann i láthair na huaire," a dúirt an tUasal Foley.
"Cinnteoidh ár gcinntí cistithe go gcuirfear drámaíocht, ceol, ceoldrámaíocht, litríocht, taispeántais agus léirithe den chéad scoth ar fáil do dhaoine ar fud na hÉirinn, agus go mbeidh siad gafa leo," a dúirt sé freisin. "Rinneamar iarracht lántairbhe a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil, ag gearradh siar ar chostais oibriúcháin na Comhairle de 20 faoin gcéad, agus an luach is fearr ealaíne ar airgead agus an tionchar áitiúil is mó á lorg againn chomh maith," a dúirt an tUasal Foley freisin.
Thug an tUasal Foley rabhadh don earnáil: "Mairfidh tionchar an lagaithe eacnamaíochta i ndiaidh 2009, atá ina idirbhliain go pointe áirithe. Beidh ar an gComhairle nuacheaptha tabhairt faoi athbhreithniú fadréimseach ar dháileadh an chistiúcháin phoiblí do na healaíona i gcomhair 2010 agus ina dhiaidh sin, agus ar ndóigh déanfar é seo i gcomhairle leis na príomhpháirtithe leasmhara."
Dúirt an tUasal Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, gur threoraigh a straitéis Comhpháirtíocht ar son na nEalaíon an Chomhairle agus na cinntí cistithe i gcomhair na bliana 2009 á ndéanamh.
"Ligeann cur chuige na Comhairle di leanúint uirthi ag gníomhú mar chomhpháirtí le healaíontóirí agus leis na healaíona, agus ag tacú leo," a dúirt sí. "Cuireann na cinntí a rinneamar béim ar luach obair na Comhairle nach bhfuil chomh feiceálach céanna: pobail a chruthú agus tacú leo; na healaíona a chistiú do dhaoine óga atá ar scoil nó atá i ndiaidh an scoil a fhágáil, tacaíocht a thabhairt do na healaíona i gcúram sláinte agus i suíomhanna sóisialta eile; seirbhísí ealaíon na n-údarás poiblí a chistiú; agus spreagadh a thabhairt do dhaoine as gach cineál saoil a bheith rannpháirteach sna healaíona, go díreach nó mar oibrithe deonacha."
Sa bhabhta reatha de thairiscintí deontais, áirítear €16.3 milliún don drámaíocht (ar a bhfaigheann Amharclann na Mainistreach €8.35 milliún); €7.5 milliún i gcomhair 60 ionad agus lárionad ealaíon ar fud na tíre; beagnach €5 mhilliún don cheol; agus €5 mhilliún eile do na hamharcealaíona i measc na leithdháiltí i gcomhair na bliana 2009.
Príomhstaitisticí do na cláir chistiúcháin seo in 2009:
| Title | Title |
|---|
| Líon na n-eagraíochtaí a chuir isteach ar chistiú: | 407 |
| Líon na n-eagraíochtaí ar tairgeadh cistiú dóibh: | 352 |
| Líon na n-eagraíochtaí ar tairgeadh cistiú méadaithe dóibh: | 34 |
| Líon na n-eagraíochtaí ar tairgeadh an cistiú cothrom le maoiniú 2008 dóibh: | 93 |
| Líon na n-eagraíochtaí ar tairgeadh cistiú laghdaithe dóibh: | 241 |
| Líon na n-eagraíochtaí ar tairgeadh cistiú dóibh den chéad uair faoi na cláir seo: | 8 |
Cistiú de réir fhoirm ealaíne sna trí mhórchlár deontais de chuid na Comhairle Ealaíon atá sonraithe thíos:
| Title | Title | Title |
|---|
| 2008 | 2009 |
| Amharclann na Mainistreach | 10,000,000 | 8,350,000 |
| Drámaíocht eile | 8,688,184 | 7,960,600 |
| Na hAmharcealaíona | 5,258,157 | 5,063,157 |
| Ceol | 5,042,352 | 4,865,270 |
| Ceoldrámaíocht | 4,112,032 | 3,949,900 |
| Damhsa | 3,544,170 | 3,150,200 |
| Scannán | 2,436,220 | 2,395,400 |
| Litríocht | 2,529,927 | 2,288,927 |
| Na hEalaíona Traidisiúnta | 1,516,810 | 1,512,910 |
| Sráidealaíona agus Seónna | 875,066 | 823,000 |
| Sorcas | 244,000 | 244,000 |
| Ailtireacht | 168,000 | 168,000 |
Tugann an Chomhairle Ealaíon cistiú d’eagraíochtaí a oibríonn thar roinnt foirmeacha ealaíne, go príomha ag leibhéal áitiúil. Méadaítear na deontais do na foirmeacha ealaíne thuasluaite trí chistí a bhronntar sna catagóirí seo a leanas:
| Title | Title | Title |
|---|
| 2008 | 2009 |
| Ionaid Tionóil | 8,285,484 | 7,544,000 |
| Daoine Óga | 3,252,005 | 3,327,534 |
| Na hEalaíona Áitiúla | 2,977,000 | 2,860,000 |
| Féilte & Imeachtaí | 2,674,378 | 2,463,000 |
| Rannpháirtíocht sna hEalaíona | 1,324,932 | 1,354,500 |
Tacaíocht d’Ealaíontóirí
| 288,450
| 275,182 |
Tuilleadh eolais
Le féachaint ar na heagraíochtaí a fhaigheann cistiú - téigh chuig bunachar sonraí na gcinntí ar láithreán gréasáin na Comhairle Ealaíon: roghnaigh an clár trína bhfaigheann an eagraíocht sin cistiú sa roghchlár 'Ciste', is é sin ná ‘Cistiú bliantúil’ nó ‘Deontais do chláir bhliantúla’ nó ‘Eagraíochtaí a fhaigheann cistiú rialta’; agus roghnaigh an bhliain ‘2009’ agus ansin cliceáil ar 'Cuardach'.