Maidir linne
I rith mhí na Samhna, bhí Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, i gceannas ar shearmanas tráth ar ceapadh an t-amharcealaíontóir Camille Souter agus an cumadóir Seóirse Bodley ina Saoithe de chuid Aosdána.
D'fhógair an Chomhairle Ealaíon i gcomhar le hIontaobhas IRMA agus Music Network (MN) ainmneacha an 41 duine aonair agus eagraíocht ar bronnadh cistiú orthu faoin Scéim Chaipitiúil Ceoil agus faoin Tionscadal Taighde.
Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil di faoi bhás James Byrne, an fidléir ó Dhún na nGall, ar an Aoine (7 Samhain).
Is oth leis an gComhairle Ealaíon James Liddy, comhalta de chuid Aosdána, a bheith ar shlí na fírinne. Fuair sé bás ar an Máirt, 4 Samhain, 2008
Cónaímid i ré shuimiúil. Tá teicneolaíochtaí gréasáin ar nós YouTube, blagáil, podchraoladh agus na meáin shóisialta tar éis saibhreas d'ábhar cruthaitheach ar líne a ghiniúint.
Thréaslaigh an Chomhairle Ealaíon le Grafton Architects as mórdhámhachtain a buachan ag Féile thionscanta Ailtireachta an Domhain in Barcelona.
Ag tabhairt ráiteas ar chistiú 2009 don Chomhairle Ealaíon, dúirt Maurice Foley, Leas-Chathaoirleach: "Tuigimid na dúshláin atá roimh an Rialtas agus roimh an Aire agus tuigimid an gá atá le roinnt caiteachas poiblí a ghearradh. In ainneoin sin, is cúis díomá dúinn leithdháileadh na bliana 2009 don Chomhairle Ealaíon, rud a fhágfaimid le thart ar €9 milliún nó thart ar 10% níos lú airgid i dtéarmaí foriomlán ná mar a bhí againn in 2008.
Is oth leis an gComhairle Ealaíon Sydney Bernard Smith a bheith ar shlí na fírinne. Fuair an tUasal Smith bás Dé Sathairn, 11 Deireadh Fómhair
Glacann os cionn 10,000 duine in Éirinn páirt i gcóir, a deir tuarascáil nua Seolann an Chomhairle Ealaíon Raising Your Voice: Towards a policy for the development of choral music in Ireland
Tá spriocdháta nua fógartha ag an gComhairle Ealaíon do bhabhta 1 dá Dámhachtainí Sparánachta 2009. Is de bharr méadú de os cionn 25% i líon na n-iarratas atá an spriocdháta nua seo á fhógairt. Is é 5.30 i.n. Déardaoin 27 Samhain 2008 an spriocdháta nua.