Cónaímid i ré shuimiúil. Tá teicneolaíochtaí gréasáin ar nós YouTube, blagáil, podchraoladh agus na meáin shóisialta tar éis saibhreas d'ábhar cruthaitheach ar líne a ghiniúint.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ó na healaíona, ó na meáin shóisialta agus ó chraoltóireacht a thabhairt le chéile sa seimineár lae seo chun iniúchadh a dhéanamh ar na bealaí ina bhfuil ealaíontóirí agus an pobal ag athrú agus ag glacadh slite nua chun na healaíona a tháirgeadh, a chur i láthair agus a chur chun cinn.
Tá an seimineár seo oscailte d'eagraíochtaí a fhaigheann cistiú ón gComhairle Ealaíon agus do dhéantóirí beartais a bhfuil suim acu i gcumas na meán nua sa tslí ina n-oibríonn siad, agus sa tslí inar féidir leo lucht féachana/éisteachta a mhealladh agus a leathnú.
Tá áiteanna teoranta, mar sin moltar clárú luath le nach mbeidh díomá ort.
Beidh an seimineár ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an Máirt 25 Samhain.
Tuilleadh eolais
www.artscouncilnewmediaconference.com