06 Mí na Samhna 2008: Is cúis mhéala don Chomhairle Ealaíon é James Liddy, comhalta de chuid Aosdána, a bheith ar shlí na

Ag labhairt di inniu, dúirt Mary Cloake, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Ba dhuine de na filí ba neamhspleáiche, ba mhealltaí agus ba húrnua dá linn é James Liddy. Léadh a chuid filíochta, a léirigh fiosracht mhothúchánach agus intleachtach chomhsheasmhach, go forleathan in Éirinn agus thar lear. Aireoidh gach duine a raibh aithne acu air uatha go mór é, agus déanaimid comhbhrón ó chroí lena theaghlach agus lena chairde." 

Rugadh i mBaile Átha Cliath é i 1934, agus fuair sé a chuid oideachais ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Óstaí an Rí.

Rinne James eagarthóireacht ar an irisleabhar Arena sna 1960idí agus ar The Gorey Detail ó 1977 go 1983. Cuimsíodh a chuid filíochta in The Penguin Book of Irish Verse (1970) agus bailiúcháin eile; bhí a chuid foilseachán filíochta féin aige dar dteideal Esau, My Kingdom for a Drink (1962), In a Blue Smoke (1964), Blue Mountain (1968), A Life of Stephen Dedalus (1969), A Munster Song of Love and War (1971), Baudelaire's Bar Room Flowers (1975), Corca Bascinn (1977), Comyn's Lay (1978), Chamber Pot Music (1982), At the Grave of Father Sweetman (1984), A White Thought in a White Shade/New & Selected Poems (1987), Art is Not for Grown-Ups (1990), In the Slovak Bowling Alley (1990), Collected Poems (1994), Epitaphery (1998), Gold Set Dancing (2000) agus I Only Know That I Love Strength in My Friends and Greatness (2003). D'fhoilsigh Wolfhound a úrscéal, Young Men Go Walking, i 1986 agus d'fhoilsigh Salmon The Doctor's House: An Autobiography i 2005.  Bhí baint aige le hiriseán Milwaukee, The Blue Canary, agus bhí sé ina léirmheastóir ócáideach le The Irish Times.
Bhí sé ina ollamh ar an mBéarla ag an University of Wisconsin-Milwaukee sna Stáit Aontaithe, áit a raibh cónaí air ar feadh breis agus fiche bliain.

Clonmel Junction Festival
arrow bullet iconCompántas rince Yelemba ón gCósta Eabhair – Comhfhéile Chluain Meala.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)